Seanad Éireann - Volume 91 - 28 February, 1979

Private Business. - An Bille um Údarás na Gaeltachta, 1978: An Dara Céim. Údarás na Gaeltachta Bill, 1978: Second Stage.

Tairgeadh an cheist: “Go léifear an Bille an Dara Uair anois.”

Question proposed: “That the Bill be now read a Second Time.”

Minister for the Gaeltacht (Mr. D. Gallagher): Tá an Bille seo á mholadh don Seanad chun Údarás na Gaeltachta a bhunú—Údarás a mbeidh de dhualgas air caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair.

Tá roinnt Seanadóirí a mbeidh áthas orthu an Bille seo a fheiceáil faoi dheireadh ó tharla go raibh baint mhór acu féin le Comhairle na Gaeilge—Noel Ó Maolchatha mar chathaoirleach agus Ruairí Brugha agus an Dr. T.K. Whitaker mar chomhaltaí. Suas le hocht mbliana ó shin mhol an Chomhairle go mbunófaí meitheal oibre, comhdhéanta d'ionadaithe ó Ghaeltarra Éireann agus ó Chomhlacht Forbartha Shaor-Aerfort na Sionainne Teoranta, chun tuarascáil speisialta i dtaobh na Gaeltachta a chur ar fáil. As an staidéar a rinne an mheitheal sin tháinig an tuarascáil “Gníomh don Ghaeltacht” inar moladh Udarás na Gaeltachta a bhunu agus ionadaíocht ag muintir na Gaeltachta air. Triúr a moladh mar ionadaithe Gaeltachta agus ní tríd an ngnáthchóras daonlathach a thiocfaí orthu.

Mar is léir ón mBille seo tá fonn ar an Rialtas seasamh i bhfad níos láidre a thabhairt do phobal na Gaeltachta ar an Údarás ná mar a bhí i gceist cheana: seachtar a bheidh le toghadh acu ar mhodh an aonghutha inaistrithe, faoi mar a thoghtar comhairleoirí contae—— córas toghchánaíochta a thuigeann an pobal go maith. Ní amháin go mbeidh seachtar tofa go daonlathach ach beidh an tromlach acu ar an Údarás mar ní [272] bheidh ach seisear eile le ceapadh ag an Aire.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtoghfaidh muintir na Gaeltachta ionadaithe cumasacha i dtreo go mbeidh an tionchar ceart acu ar ghnóthaí an Údaráis. Mura dtoghfar daoine gníomhacha a thuigeann na fadhbanna atá le réiteach is amhlaidh a bheidh an Ghaeltacht féin thíos leis.

Trí thoghlach atá leagtha amach sa Bhille do na limistéir oifigiúla Ghaeltachta agus is mar seo a leanas a bheidh na hionadaithe le toghadh iontu:

—beirt do Dhún na nGall

—triúr do Ghaillimh, do Mhaigh Eo agus don Mhí le chéile, agus

—beirt do Chiarraí, do Chorcaigh agus do Phort Láirge le chéile.

Nuair a bheidh an Bille rite beidh dréacht de na rialacháin do na toghcháin don Údarás, a ndéantar tagairt dóibh i gCuid IV, le cur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas lena cheadú sula bhféadfar dul ar aghaidh leis na toghcháin. Beidh deis eile ag Seanadóirí mar sin chun na socruithe do na toghcháin a phlé.

Ach na hionadaithe—seachtar acu —a bheith tofa beidh seisear eile le ceapadh agamsa agus lá le hainmniú chun an tUdarás a bhunú. Ar an lá ceaptha discaoilfear Gaeltarra Éireann agus aistreofar feidhmeanna, dliteanais agus foireann Ghaeltarra chuig an Údarás. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun lucht Ghaeltarra a mholadh as ucht a bhfuil curtha i gcrích acu le breis is fiche bliain anuas agus go háirithe ón mbliain 1965 i leith nuair a tugadh cumhachtaí breise dóibh chun cúrsaí tionsclaiochta a chur chun cinn. Sna tionscail uile ar chabhraigh Gaeltarra leo bhí thart ar 4,600 duine ag obair go lánaimseartha i ndeireadh na bliana seo caite. Is ar an dúshraith sin a bheidh an tÚdarás ag tógáil.

D'fhéadfaí a rá nach mbeidh san Údarás ar an lá ceaptha ach Gaeltarra faoi ainm nua. Ón lá sin amach, áfach, is gnó do chomhaltaí an Údaráis—agus a bhformhór tofa go daonlathach ag pobal na Gaeltachta—féachaint chuige go mbainfear feidhm éifeachtach as na [273] cumhachtaí a bheidh acu faoin mBille seo chun gach uile ghné de shaol na Gaeltachta a chur chun cinn.

Beidh na feidhmeanna uile ag an Údarás atá ag Gaeltarra faoi láthair; tá forálacha cui in ailt 8 agus 10 den Bhille agus iad bunaithe cuid mhór ar alt 4 den Acht um Thionscail na Gaéltachta, 1957, arna leasú sna blianta 1965, 1968 agus 1971. Dá réir sin leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh le monarchana a thógáil, deontais a thabhairt agus scaireanna a cheannach d'fhonn tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil. Ní miste a lua go sonraítear cumhacht nach bhfuil ag Gaeltarra i ndeireadh alt 10—chun a ráthú go n-aisíocfar iasachtaí a fuair daoine ar thug an tÚdarás cúnamh airgid ina leith.

Tig leis an Rialtas cumhachtaí breise, nach bhfuil sonraithe sa Bhille, a thabhairt don Údarás le hordú. Tá forálacha solúbtha chun na clíche sin in alt 9—an t-alt is suimiúla sa Bhille, b'fhéidir—agus is deimhin liom go scrúdóidh Seanadóirí go mion iad. Is amhlaidh a fhágfar faoin Údarás féin, nuair a bheidh na comhaltaí i mbun oibre go héifeachtach, tuilleadh cumhachta a lorg má thagann siad ar an tuairim mheáite gur fearr a bheadh ar a gcumas forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ach a leithéid a bheith acu.

Beidh fonn ormsa aon iarratas den chineál sin ón Údarás a bhreithniú go báúil. Rinne mé dianmhachnamh ar na cumhachtaí uile a d'oirfeadh dóibh a leagan amach go cruinn sa Bhille, ach ní raibh aon dul as agam ach a aithint nach bhféadfaí é sin a dhéanamh gan tamall fada a chaitheamh ar an dréachtóireacht, agus moill dá réir a chur ar bhunú an Údaráis. Sílim go mbeidh sé i bhfad níos sásúla comhairle a fháil ar ball ó na comhaltaí, a mbeidh a bhformhór tofa ag pobal na Gaeltachta. Beidh comhairle ag teacht ón Dáil agus ón Seanad freisin mar beidh dréacht d'aon ordú a bheidh beartaithe ag an Rialtas le leagan faoina mbráid lena cheadú.

Beidh airgead mór ag teastáil d'obair an Údaráis agus, chomh maith le deontais bhliantúla faoi alt 22, féadfar suimeanna suas go £50 milliúin, a airleacan as an bPríomh-Chiste faoi alt 23.

Is Bille cuimsitheach é seo agus beidh [274] na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977, le haisghairm. Sa Bhille seo glactar le forálacha maithe sna hAchtanna sin agus cuirtear leo. Sílim gur fearr agus gur soiléire na nithe uile a bhainfidh leis an Údarás a thabhairt le chéile in aon Acht amháin.

Ba mhaith liom áird a dhíriú ar an mbéim a leagtar ar an nGaeilge in ailt 8 (1) agus 9 (1) den Bille: treisiodh an bhéim sin le leasuithe a rinneadh sa Dáil. Ní gá dom tábhacht na teanga a mhíniú do Sheanadóirí. Tuigeann sibhse go maith gurb í an Ghaeltacht foinse agus tobar ár dteanga agus gurb í a chaomhnaigh dúinn an chuid is luachmhaire dár n-oidhreacht.

Is tuar dóchais dúinne, ar mór againn an oidhreacht sin, an dea-thoil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge atá chomh forleathan sin i measc phobal na hÉireann. Beidh cúiseanna maithe ann chun cúnamh speisialta a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta fad a bheidh an Ghaeilge mar ghnáthurlabhra acu. Beimid ag brath ar an Udarás chun eagar a chur ar chúrsaí i gcaoi go mbeidh fonn ar phobal na Gaeltachta fanacht sa Ghaeltacht, leanúint orthu ag labhairt na Gaeilge agus páirt éifeachtach a ghlacadh i bhfeabhsú agus i bhforbairt a ndúiche agus a ndúchais féin.

Le go bhféadfar an tÚdarás a bhunú a luaithe is féidir ba mhaith liom bheith in ann brostú ag aghaidh leis na socruithe do na toghcháin. Ba mhór an chabhair chuige sin dá mbeifí sásta an Bille a rith go tapaidh agus molaim don Seanad anois é.

Mr. O'Brien: Cuirim fáilte roimh phrionsabal an Bhille, agus guím rath ar an obair atá i láimhe an Aire, chun an Bille a stiúradh agus chun an tUdarás a chur ar bun. Guíom rath freisin ar obair an Údaráis nuair a bheidh sé i réim. Tuigimid uile chomh riachtanach is atá sé an Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú. Níl difríocht idir na páirtithe anseo ar an gceapadh sin. Ón lá a bunaíodh an Stát seo rinne gach Rialtas a gcion fhéin chun an Ghaeilge a chaomhnú agus athbheochaint na Gaeilge a thabhairt chun críche agus labhairt na Gaeilge a spreagú i measc na ndaoine. Bhí gach [275] duine den bharúil gurb é sin an rud ceart a dhéanamh. Nílim chomh sásta gur éirigh go geal linn san obair sin. Is fior gur thárla laghdú mór ar dhaonra na Gaeltachta, go bhfuair a lán daoine bás, daoine go raibh an teanga ó dhúchas acu, agus gur bochtú don tír a leithéad sin de thitim amach.

Ar an 22 Iúil 1965, bhí sé le rá agam sa Teach seo, ag colún 628, Imleabhar 82, den Tuairisc Oifigiúil:

Idir 1926 agus 1971 tháinig laghdú de 18 faoin gcéad ar líon daoine na Gaeltachta, laghdú de 11 faoin gcéad i nGaeltacht Chorcaí, 20 faoin gcéad beagnach i nGaeltacht Dún na nGall, 13 faoin gcéad i nGaeltacht na Gaillimhe agus 17 faoin gcéad i nGaeltacht Chiarraí. Níos measa ná sin an laghdú sa lion daoine a tharla i nGaeltacht Mhaigheo ná i nGaeltacht ar bith eile, mar laghdú 26 faoin gcéad a tharla ansin. Ocht déag faoin gcéad an laghdú a tharla i nGaeltacht Phortlairge.

Is fior gur aistríodh daoine ó na Gaeltachtaí éagsúla go dtí Gaeltacht na Mí sa tréimhse sin ach mar sin féin is soiléir go raibh meath tagtha ar an nGaeltacht agus go raibh na daoine á tréigint. Má dhéanaimid comparáid idir líon daoine na Gaeltachta agus líon daoine na gcontaethe ina bhfuil na Gaeltachtaí chimíd é sin go soiléir. I nGaeltacht na Gaillimhe tharla laghdú de 13 faoin gcéad ach ar líon daoine an chontae ar fad is beag athrú a tharla sa tréimhse idir 1956 agus 1971. I nGaeltacht Chiarraí tharla laghdú 17 faoin gcéad ar lion daoine san Ghaeltacht ach sa chontae ar fad sa tréimhse sin níor tharla ach laghdú 3 faoin gcéad. I gContae Mhaigheo, mar adúras, tharla laghdú de 26 faoin gcéad ar líon daoine na Gaeltachta ach sa chontae ar fad tharla laghdú de 6 faoin gcéad. Is léir ó na figiúirí sin go raibh na daoine ag tréigint na Gaeltachta go mear agus go raibh teip ar na scéimeanna a bhí ann ag an am sin chun cosc a chur leis an tréigint sin.

Má éiríonn leis an mBille seo agus má éiríonn leis an Udarás cosc a chur leis an tréigint sin, agus má éiríonn leo an [276] Ghaeltacht féin ní hé amháin a chaomhnú ach a neartú, agus má éiríonn leo sli bheatha a chur ar fáil do muintir na Gaeltachta in a gceanntair féin, beidh obair mhaith déanta ag an Aire agus ag an Udarás ar son na Gaeilge. Tá súil agam nach dteipeann orthu.

Má theipeann ar an Údarás san obair mhór seo beidh droch dóigh ar an Ghaeilge mar theanga agus beidh míshásamh ar an chuid is mó de mhuintir na hÉireann. Is ait an rud é, ach is fior, go bhfuil gach duine beagnach in Éirinn den bharúil gur ceart an Ghaeilge a chaomhnú, agus is fíor freisin go bhfuil cuid mhaith Gaeilge ag an chuid is mó de mhuintir na hÉireann faoi láthair, mar tá sí á múineadh sna scoileanna ó 1922. Cé go bhfuil cuid mhaith Gaeilge ag an cuid is mó de na daoine, is beag Gaeilge a chloisimid á labhairt. Is fior freisin, agus is ait an rud é seo, go gcloisfeá níos mó Gaeilge á labhairt i mBéal Feiriste ná i mBaile Átha Cliath. Is é an rud is mó atá le déanamh againn ná na daoine a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh chun cuid dí ar a laghad a labhairt. Ní éireoidh go deo leis an moladh seo muna mbíonn an Ghaeltacht féin go láidir. Sin é an fáth go bhfuil sé fíor-thábhachtach obair mar seo a chur chun críche. Tá súil agam go n-éiroidh leis.

In oráid an Aire, ar an gcéad leathanach, deir sé:

Mar is léir ón mBille seo, tá fonn ar an Rialtas seasamh i bhfad níos láidre a thabhairt do phobal an Gaeltachta ar an Údarás ná mar a bhí i gceist cheana.

Aontaím go mór leis an chuspóir sin. Mar a dúirt mé cheana, tá suil agam go n-éireoidh leis. San chéad alt ar an dara leathanach, deir an Aire:

Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtoghfaidh muintir na Gaeltachta ionadaithe cumasacha i dtreo go mbeidh an tionchar ceart acu ar ghnóthaí an Údaráis. Mura dtoghfar daoine gníomhacha a thuigeann na fadhbanna atá le réiteach is amhlaidh a bheidh an Ghaeltacht féin thíos leis.

Aontaím go mór leis an abairt sin freisin, agus tá súil agam go bhféachfaidh muintir na Gaeltachta isteach go géar sa chás, [277] go scrúdóidh siad an obair atá déanta cheana ag gach iarrthóir a bhéas os a gcomhar sna toghacháin agus go dtoghfar na daoine is fearr, go dtoghfar daoine go bhfuil obair déanta acu cheana don teanga, go dtoghfar daoine a thuigeann na deacrachtaí atá ann, daoine a thuigeann meon na ndaoine agus daoine a mbeidh comh tugtha don obair sin go ndéanfaidh siad a ndícheall chun í a chur chun críche. Aontaím leis an alt sin in óráid an Aire. Ag bun an leathanaigh chéanna, deir an tAire:

Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun lucht Ghaeltarra a mholadh as ucht a bhfuil curtha i gcrích acu le breis is fiche bliain anuas agus go háirithe ón mbliain 1965 i leith nuair a tugadh cumhachtaí breise dóibh chun cúrsaí tionsclaíochta a chur chun cinn.

Ba mhaith liom cuidiú leis an méid sin agus a rá go gceapaim go bhfuil moladh mór tuilte ag lucht Ghaeltarra as ucht na hoibre atá déanta acu.

Ar leathanach a 3 deir an tAire:

Tig leis an Rialtas cumhachtaí breise, nach bhfuil sonraithe sa Bhille, a thabhairt don Údarás....

Más rud é go mbeidh údarás againn a thuigeann an obair atá rompu agus a luaithe a fheicimid go bhfuil siad ag dul ar aghaidh go mear agus go héifeachtach, tá súil agam go mbeidh na cumhachtaí seo le fáil acu nuair a iarrann siad iad. Ba mhaith liom a rá go bhfuilim an-sásta leis an abairt sin in óráid an Aire. Táim den bharúil go mbeidh an tÚdarás, más fiú mórán é, ag iarraidh a thuilleadh cumhachtai d'fháil chun an obair a thabhairt chun críche. Táim sásta go bhfuil sé ar intinn an Aire na cumhachtaí breise sin a thabhairt dóibh.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do cúpla altanna eile in óráid an Aire. Ar leathanach a 4, deireann an tAire go mbeidh airgead mór ag teastáil d'obair an Údaráis agus le deontais bhliantúla faoi alt 22 go bhféadfar suimeanna suas go £50 milliúin a airleacan as an bPríomh-Chiste faoi alt 23. Tá sé sin ionmholta.

Is Bille cuimsitheach é seo, adeir an tAire agus aontaím leis. “Is tuar dóchais [278] dúinn,” adeir sé “ar mór againn an oidhreacht sin, an dea-thoil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge atá chomh forleathan sin i measc phobal na hÉireann.” Sin rud a chuireann ina luí orainn, a riachtanaí is atá sé go n-eireodh leis an Údarás, mar beidh muintir na hÉireann ag brath ar an obair a dhéanfaidh an tÚdarás nuair a bheidh siad curtha i réim.

Táim den bhárúil go nglacfaidh an tÚdarás páirt mór i bhforbairt na hiascaireachta agus i bhforbairt cuartaíochta agus a leithéid sin chun an Ghaeltacht a chur ar aghaidh ar bhealach a leasa. Ó am go ham cloisfimid cúntais ar an méid dul chun cinn a bhéidh déanta ag an Údarás agus beidh suim mhór againn sna cúntais sin sna blianta atá le teacht. Tá súil agam go mbeidh áthas orainn agus go mbeimid sásta nuair a chífimid an méid dul ar aghaidh a bhéas á dhéanamh ag an Údarás sin ó bhliain go bliain. Má eiríonn leo, agus ní thuigim cén fáth nach n-eireodh leo, beidh áthas ar an Aire féin. Má thiteann sé amach, ní amháin go gcuireann an tAire an tÚdarás ar bun, ach go seolann sé an tÚdarás ar bhealach a leasa, beimid go léir buíoch de.

Ruairí Brugha: Is furasta dom fáilte a chur roimh an mBille seo, cé go bhfuil sé beagáinín déanach. Fáiltím roimhe mar go gcloíann sé leis na moltaí neamhspleách a rinne Comhairle na Gaeilge, choiste a bhí ann; faoi mar a dúirt an tAire tá comhaltaí dúinn a shuigh ar an gcoiste sin agus cuireadh na moltaí sin ar aghaidh cuid mhaith blianta ó shin, seacht mbliain ar a laghad, measaim. Is mithid don Bhille seo bheith tugtha isteach faoi dheireadh, ach ní chuirim an milleán ar fad ar an Aire mar níl sé i bhfeighil na Roinne ach beagán thar 18 míonna.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an ghléas togha, sé sin, go mbeidh seisear ainmnithe ar Bord an Údaráis agus go mbeidh seachtar tofa. Ritheann sé leis an daonlathas, mar a déarfá, go mbeidh tromlach acusan a bheidh tofa. Maidir leis an bunprionsabal taobh thiar den Bhille seo, is ceist i atá á plé sa tír seo le blianta fada anuas. Tá dhá chuspóir nó dhá job le cur ar aghaidh ag Údarás, an [279] Ghaeilge agus an teanga a chothú so Ghaeltacht agus an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta féin a chothú. Go dtí seo bhí an cúram ar Ghaeltarra Éireann fostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus ba chóir dúinn ár mbuiochas a ghabháil dóibh agus do na seirbhisigh atá ag obair sa chomhlacht sin.

Is minic a dúirt mé féin agus cuid eile againne gur beag maitheas é Gaeilge a bheith á labhairt ag muintir na Gaeltachta agus cónaí orthu sa Ghaeltacht mura bhfuil sli bheatha acu ann chomh maith. Sílim gur pointe tábhachtach é aird a tharrac ar deacracht a bhéas ag eirí o am go ham, má táthar ag iarraidh tionscail a bhunú sa Ghaeltacht agus, sé sin, go mbeidh na tréithe tionsclaíochta agus bainistíochta ag aon duine a bheadh á ainmniú ag an Údarás dul i mbun tionsclaíochta. Ach tá sé sár-thábhachtach chomh maith sa Ghaeltacht go mbeadh meas ag an duine sin, fear nó bean, ar an gcultúr agus ar ár dteanga. Tuigtear dom, i gcásanna mar seo, nach bhfuil aon droch-shampla chomh holc le bainisteoir ábalta nach bhfuil aon dóchas aige i gcúis na Gaeltachta, a theanga féin agus a chultúr. Ní hé sin le rá nach duine ann féin a bheadh ann, ach toisc gur sa Ghaeltacht atá an rud is tábhachtach é gurb é ceann de na coinníollacha lena dtoghfaí duine i gcomhar phoist mar seo ná go bhfuil suim aige chomh maith sa chultúr agus sa teanga. Is ionann é sin, ar ndóigh, agus ceann de na deacrachtaí a bhaineann lenár dteanga féin sa tir seo le fada an lá. Is é ceann de na rudaí atá de dhith orainn ná dea-shampla ag teacht uathu san atá i bpostanna údarásacha. Tá sé cinnte, ag eirí as an taighde le deich mbliana anuas go mbraitheann beatha na teanga ar an dtimpeallacht agus ar an spreagadh a éiríonn as dea-shampla an teanga a bheith á labhairt ag daoine údarásacha. Is é an timpeallacht sa tír seo a mhaireoídh an teanga i gcuid mhaith den tír agus is é an dea-shampla a chuirfidh an teanga ar ais sa timpeallacht atá riachtanach má táimid chun céim ar aghaidh a dhéanamh i gcás na Gaeilge.

Aontaím leis an Aire nuair a deir sé gurb é alt a 9 ceann desna haltanna is [280] tabhachtaí sa Bhille seo. Caithfidh mé a admháil gur maith an prionsabal é gur féidir, de réir mar a fheicimid cionnas mar atá ag eirí leo gur féidir aithrithe a dhéanamh sna bun-rialacha agus gur féidir leis an Rialtas, más gá, cuidiú leis an Údarás in ionad mar a dearfá, cosc a bheith ar an Údarás mar go mbeadh easpa cumhachta acu. Is maith an prionsabal é seo. Sílim gurbh é an sórt prionsabail go mba mhaith liomsa a fheiceáil i ngach Bille a tugtar isteach sa Teach seo nó sa Dáil.

Tá focal beag gairid le rá agam i dtaobh Gaeilge san iomlán ar fud na tíre. Tá amhras ag teacht orm i dtaobh cad tá ag tarlú sna coláistí ullmhucháin. Tá a fhios agam nach é seo cúram an Aire ach is ócáid í seo gur féidir liom, b'fhéidir, tagairt a dhéanamh de. Tuigtear dom go bhfuil baol ann nach mbeidh an scolaíocht, an múineadh i labhairt na Gaeilge, as seo amach chomh maith is a bhí le 40 nó 50 bliana anuas sna scoileanna. B'fhéidir go bhféadfadh an tAire nó an bórd féin más é a gcúram é, nó Bord na Gaeilge, scrudú a dhéanamh ar an gceist seo, mar ar an dtaobh eile den scéal tá deiseanna agus gléasanna ann nach raibh ann fiú amháin 20 nó 30 bliain ó shin inar féidir Gaeilge a mhúineadh mar theanga beo, mar theanga labharta ar dóigh níos furasta ná mar a d'fhéadfaí sna seanlaethanta. Tá cláracha ar nós, cuirimis i gcás, “Trom agus Éadrom” ar theilifís Eireann, clár go bhfuil sé soiléir go bhfuil daoine meán aosta in ann an clár a leanúint agus páirt a thógaint sa chlár cé nach bhfuil Gaeilge go líofa acu. Ba mhór an trua ag an pointe san i stair na teanga dá dtiocfadh meath ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna.

Failtím arís roimh an mBille seo. Tá súil agam go dtiocfaidh tairbhe as agus tréaslaím an Aire as an Bhille a thabhairt isteach agus aontaím leis gur tapúla is fearr an Bille a chur tríd an Tigh ionas gur féidir í a chur ag obair.

Dr. Whitaker: Bhí an ceart ag an Aire nuair a dúirt sé, nuair a bhí sé de chineáltas ann a rá, go mbeadh fáilte agamsa—agus ag iarchomhaltaí eile Chomhairle na Gaeilge—roimh an mBille seo.

Bille atá meáite go maith é, Bille ciallmhar [281] fiúntach. An tUdarás atá dá cheapadh, tá an daonlathas agus an oilteacht meascaithe go healaíonta ann. Fágtar faoin Údarás féin tuilleadh cumhachtaí a lorg má mheasann siad go bhfuil siad in easnamh orthu agus tá geallta ag an Aire gur éadóigh go ndiúltófar iad. Brathann sé ar chomhaltaí an Údaráis cibé éifeacht a bhéas lena saothar. Tá súil agam nach mbeidh leisc orthu tuilleadh cumhachtaí pleanála agus eile a iarraidh ionas go bhféadfaidh siad cosc a chur le truailliú na Gaeltachta agus na Gaeilge agus forbairt cheart a dhéanamh orthu araon. Tá súil agam freisin go mbeifear fial leofa i dtaca le hairgead a chur ar fáil ón Státchiste. Beidh deacrachtaí móra le sárú acu, tá na Gaeltachtaí chomh scaite sin anois. Agus beidh comhar na n-údarás áitiúil a dhith orthu go géar. Tá súil agam go bhfaighidh siad sin agus go bhfaighidh siad tacaíocht phobal na hÉireann i gcoitinne. Ní mian liom a thuilleadh moille a chur ar an mBille. Go n-éirí an bóthar leis an Údarás nua.

Séamus de Brún: Ba mhaith liomsa freisin fáiltiú roimh an mBille seo. Is fíor go bhfuilimid tamall maith ag fanacht leis agus bhí daoine ann nuair a bhí sé os comhair na Dála ag cásamh nach raibh an Bille ag teacht ar an saol agus ansin nuair a tháinig an Bille ar an saol lochtaíodar é agus fuaireadar locht ar an Aire nuair nár tugadh isteach Bille nios túisce. Bhiodar ag déanamh dearmaid ar rud amháin, go raibh siad féin i gComhrialtas anseo ar feadh ceithre bliain nó mar sin agus nár thug siad aon Bhille ar an saol nó níor thugadar fiú amháin Bord na Gaeilge ar an saol, rud a bhí ar bothar nuair a tháinig siad i mbun rialtais. Dá bhrí sin is dóigh liomsa go bhfuil éacht déanta ag an Aire gur thug sé isteach an Bhille chomh luath seo ina réim. Fáiltím roimh an mBille agus déanaim chomhgháirdeas leis an Aire agus lena Roinn as ucht an Bhille a bheith os ár gcomhair anois agus seans againn é a phlé.

Locht eile a fuarthas ar an mBille seo nuair a tugadh isteach é agus an locht is mó is dócha, nach raibh a sháith cumhachtaí no aon chumhachtaí ins an mBille agus nach mbeadh in Udarás na Gaeltachta dáiríre ach Gaeltarra [282] Éireann faoi ainm eile. Caithféar a rá nach bhfuil cumhachtaí san Bhille agus ag an Aire le forálacha an Bhille a chur chun cinn mar ba mhaith le chuile dhuine sa Ghaeltacht. Ach más fior é sin tá sé soiléir freisin go bhfuil an bealach chuige sin ins an mBille féin agus tá sé ráite go diongbhálta agus go cinnte ag an Aire ina ráiteas gur amhlaidh atá. Ní hé amháin go bhfuil sé ráite aige gur mar sin atá ach tá freisin na cúiseanna tugtha aige cén fáth nach bhfuil na cumhachtaí sin tugtha ins an mBille aige nuair adeir sé:

Rinne mé dianmhachnamh ar na cumhachtaí eile a d'oirfeadh do leagan amach go cruinn sa Bhille ach ní raibh aon dul as agam ach a aithint nach bhféadfaí é sin a dhéanamh gan tamall fada a chaitheamh ar dhréachtóireacht agus moill dá réir a chur ar bhunú an Údaráis.

Is dóigh liomsa gur súntasach an ráiteas é sin ag an Aire ag bun leathanach a 3 dá ráiteas agus glacaim leis go fonnmhar. Ní hé amháin gur maith an rud é ach gur ceart gur mar sin a bheadh sé mar i ndeireadh na dála, cén mhaithe dhúinn cumhachtaí a bheith againn mura bhfuil na structúirí againn agus na daoine againn a bhfuil oiliúint orthu leis na structúirí agus leis na cumhachtaí sin a chur chun cinn. Nílimse ro-chinnte go mbeadh na structúirí sin againn faoi láthair le haon chumhachtaí móra nó forálacha fairsinge a bheadh ins an mBille seo a chur chun cinn go tapaidh. Mar gheall ar sin is dóigh liom gur fearr mar atá sé faoi láthair agus triail a thabhairt don Údarás nuair a toghfar an tÚdarás sin chun a fháil amach uathu féin céard iad na cumhachtaí atá uathu agus céard é an bealach is fearr leis na cumhachtaí sin a lorg, a fháil agus a oibriú. Beidh beagán beag le rá agam faoi sin níos faide anonn i mo chuid cainte.

Níl aon amhras ná gur mór an chéim chun cinn i gcaomhnú nó i gcúrsaí aithbheochana na Gaeilge bunú an Bhille seo Údarás na Gaeltachta, mar glacann gach duine leis go fonnmhar, is cuma cén dearcadh poilitíochta atá aige nó aici, gur ins an nGaeltacht atá foinse, saibhreas agus oidhreacht bhunúsach na Gaeilge, agus más amhlaidh atá is ceart [283] go dtabharfaí sonrú ar leith don limistéar tíre sin agus iarracht a dhéanamh an limistéar agus na Gaeltachtaí go léir a láidriú agus a neartú agus iad a chur ar shlí shábhála.

Ní hé sin le rá go bhfuil muintir na Gaeltachta ar lorg déirce. Níl siad ar lorg déirce. Is daoine creidiúnacha, measúla iad a bhfuil meas acu orthu féin agus ar a n-oidhreacht ach tá siad ar lorg agus tá siad ag súil le agus tá siad i dteideal aitheantas a fháil agus cóir a chur orthu sna riachtanais atá uathu, agus tá a fhios ag Dia go raibh san am a caitheadh riachtanais mhóra uathu mar gheall ar an limistéar de thalamh na hÉireann ar a raibh siad ina gcomhnaí. Ní raibh an talamh go maith ar chor ar bith más féidir talamh a thabhairt air ar chor ar bith. Is dearóil agus is cruatanach an slí bheatha agus an bealach maireachtála a bhí acu sna ceantair sin agus luíonn sé le réasún go raibh ualach agus dualgas ar an Stát an chabhair sin a thabhairt dóibh pé bealach a bhféadfaí é a dhéanamh.

Mar adúirt mé ní hionann sin agus a rá nach daoine iad go bhfuil fonn orthu obair a dhéanamh ach í bheith le fáil acu, agus dá bhrí sin is é an dualgas is mó agus an riachtanas is mó atá uathu tionsclaíocht a bhunú sna Gaeltachtaí éagsúla pé ar bith bealach is fearr le hé sin a dhéanamh, obair a chur ar fháil dóibh sa gcaoi go mbeidh bealach maireachtála acu ina gceantar féin agus nach mbeidh orthu dul ar imirce ná imeacht as a ndúiche féin. Thug an Seanadóir ón taobh eile a thionscnaigh an díospóireacht seo figiúirí faoi imirce ón nGaeltacht. Is fíor go raibh imirce á dhéanamh ón nGaeltacht agus go raibh laghdú ag teacht ar an daonradh sna Gaeltachtaí sna tréimhsí a luaigh sé—agus bhí a chuid figiúirí cruinn, níl aon dabht agam faoi sin. Ach déarfainn gur fíor freisin go raibh imirce ó cheantracha eile sa tír nach Gaeltachtaí iad agus nach ón nGaeltacht amháin a bhí an imirce á dhéanamh ach gur rud ginearálta a bhí ann tríd an tír ar fad.

Thagair mé cheana don ghearán a rinneadh faoin mBille seo—agus rinneadh gearán géar ar an mBille seo nuair a bhi sé os cómhair na Dála—nach bhfuil aon chumhachtaí ann agus nach fiú deich [284] dtriuf an Bille ón taobh sin de. Deirim arís go measaim gur fearrde é a bheith mar sin, mar céard iad na cumhachtai a bhíothas a rá ba chóir a bheith san mBille? Bhíothas ag rá go láidir agus go diongbhálta go mba cheart cumhachtaí pleanála a bheith ag Údarás na Gaeltachta ach deirimse arís nach féidir pleanáil agus structúr pleanála a chur ar bun mura bhfuil na seirbhísí agus daoine oilte chun an phleanáil sin a dhéanamh agus a chur chun cinn.

Tagríodh freisin do chúrsaí oideachais agus dúradh go mba cheart go mbeadh cumhacht ag Údarás na Gaeltachta cúrsaí oideachais sna limistéir tíre sin a chur chun cinn. Níl sé chomh héasca sin in mo thuairimse an cumhacht sin a chur ar fáil dóibh, mar dá gcuirtí an cumhacht sin ar fáil dóibh chaithfi is dóigh liomsa leasú a dhéanamh ar chuid mhaith dlithe nó ar chuid mhaith córas atá ann cheana féin. Cuirim i gcás córas na bunscolaíochta; an bhfuiltear á rá go mba chóir údarás an chórais oideachais sin a thabhairt do Údarás na Gaeltachta ar maidin amáireach? Má déantar é sin céard a thárlóidh don chóras atá ann cheana féin? Céard a thárlóidh don chóras bainistíochta atá ann cheana féin agus an bhfuil ceart dlithiúil nó reachtaíochta aige ó bunaíodh Acht an Oideachais sa mbliairi 1833? Is dóigh liomsa go gcaithfi an tAcht sin a leasú le go dtabharfaí smacht do Údarás na Gaeltachta ar reachtáil an bhunoideachais sna limistéir Ghaeltachta. Mar an gcéanna leis an mbrainse gairm oideachais. Cé bheadh ag reachtáil forálacha Achta an Ghairm Oideachais sna limistéir Ghaeltachta: an é Údarás na Gaeltachta nó na coistí ghairm oideachais a bhfuil ceart dlithiúil acu sna limistéir sin? Is dóigh liom arís go gcaithfí an reachtaíocht sin a leasú le go dtabharfaí an smacht do Údarás na Gaeltachta ar an gcuid sin den oideachas a reachtáil ins an nGaeltacht. Mara gcéanna arís le cúrsaí meánoideachais. D'fhéadfadh go mbeadh scoileanna priobháideacha in ann oideachas a reachtáil san Ghaeltacht, agus dá mbeadh nach gcaithfí deiléail leo siud, agus arís a gceart dlithiúil a thabhairt do Údarás na Gaeltachta leis an gcuid sin den oideachas a chur chun [285] cinn? Sin é an fáth gur dóigh liomsa nach bhfuil sé chumh héasca sin ar fad agus a mheasann daoine cumhacht iomlán a thabhairt do Údarás na Gaeltachta chomh tapaidh sin.

Act tá nithe eile gur dóigh liomsa gur ceart go mbeadh smacht ag Údarás na Gaeltachta orthu agus go mbeadh spéis ar leith acu iontu, is é sin le rá go mba cheart dóibh a bheith san airdeall orthu cheapucháin múinteoirí agus ar cheapucháin éagsúla eile a dhéanfear thaobh istigh dá réim reachtaiochta. Is eol dúinn, faríor géar, go bhfuil rudaí ag tarlú maidir le cúrsaí na Gaeltachta nach bhfuil ró-cheart ar fad. Is eol dúinn go bhfuil múinteorí á gceapadh istigh sa Ghaeltacht nach bhfuil cumas Gaeilge acu ar ócáid a raibh daoine as an nGaeltacht mar iarrathóirí ar na poist sin. Sin iad na rudaí is dóigh liom gur ceart dóibh a bheith san airdeall orthu agus a bheith cinnte gur mar sin atá. Tá gné eile de shaol na Gaeltachta gur dóigh liom gur ceart dóibh airdeall a choinneáil air agus is é sin scéim deontas na £10. Is é an bun-riachtanas a bhain leis an deontas sin i dtosach ná go mbeadh sé le n-aithne ar na scoláirí sna bun scoileanna ná gur as teaghlaigh Ghaelacha a tháinig siad nó gur hoileadh iad i dteallaigh Ghaelacha mar go mbeadh ar a gcumas an teanga a labhairt go nádúrtha.

Anois tá rudaí aite ag titim amach maidir le reachtáil scéim an deontais sin: cuir i gcás go dtugtar an deontas do dhuine amháin den teallach agus nach dtugtar é do dhuine eile. Is ait liom go bhféadfadh é sin a bheith amhlaidh mar más teallach ina labhartar an Ghaeilge de ghnáth is ait é an rud é go mbeadh páiste amháin go liofa nó líofa go leor chun a chruthú go raibh an deontas tuillte aige agus nach mbeadh an páiste eile. Sin rudaí go bhféadfadh, agus gur cheart, go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta, agus go deimhin Bord na Gaeilge freisin, súil in airde a choinneáil orthu agus má tá rudaí nach bhfuil ceart iad a cheartú nó a chomhairliú do pé duine nó aicme a bhfuil freagarthach san rud seo iad a cheartú.

Tá ní eile freisin gur cheart go dtabharfaí cúram dó agus do luaigh an Seanadóir Brugha anseo é, feidhmeannaigh. Nuair a bunófar tionscail [286] nua, agus ta súil agam go mbunófar tionscail nua de thoradh Údarás na Gaeltachta a bheith bunaithe anois, na feidhmeannaigh a chuirfear i mbun na dtionscal sin ba cheart gur daoine iad a mbeidh dearcadh folláin, sláintiúil acu i leith na Gaeilge, i leith na náisiúntachta agus i leith cursaí na h-aithbheochana i gcoitinne. Faríor géar, ní mar sin atá agus as sin tagann an riachtanas gur dóigh liomsa gur gá agus gur mithid— níos mó teicneoirí a oiliúint le Gaeilge, níos mo freastail a dhéanamh ar sin sna coláistí teicneolaíochta sa gcaoi go mbeadh teicneoirí oilte cumasach a mbeadh smacht acu ar an teanga, inniúil agus ábalta dul i mbun cúrsaí tionsclaíochta sna Gaeltachtaí nuáir a bhéas gá leis sin.

Ní maith liom moill a choinneáil rófhada ar an mBille mar tá a fhios agam go bhfuil daoine eile go bhfuil fonn orthu labhairt. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chúpla rud eile. Chonaic mé gur moladh go leathnófaí réimeas nó limistéireacht Udaras na Gaeltachta, nó lena rá ar bhealach eile, go méadófaí an Ghaeltacht. Ní thuigim ró-mhaith an dearcadh sin agus níl mé cinnte gur dearcadh é gur cheart géilleadh dó ar chor ar bith. Mar ceard atáimid ag déanamh san moladh sin ach ag iarraidh críocha na Gaeltachta a leathnú agus slí a chur ar fáil do dhaoine le buntáistí a fháil mar go mbeadh siad ins an limistéar sin is buntaistí a thabhairt do dhaoine nach bhfuil fonn orthu agus nach fiú leo an Ghaeilge atá acu a labhairt. Sin é díreach atá ag tarlú agus sin í an chaoi a bhfuil an scéal. Deirtear linn go bhfuil Gaeilge sna críocha sin agus go bhféadfaí an Ghaeltacht a bhrú amach. Más mar sin atá agus má tá na daoine sin dáiríre agus má tá siad dílis don teanga cén fáth nach gcleachtaíonn siad an Ghaeilge atá acu. An é atá uainn leithscéal a fháil le tacaíocht pholaitíochta a bheith le fáil againn amach anseo? Tá faitíos orm go bhfuil an baol ann gur mar sin atá.

Tá aidhm uasal san gcéad alt de ráiteas an Aire; is é an aidhm atá leis an Údarás seo a bhunú ar chor ar bith. Tá an Bille seo á bhunú, adeir an tAire san gcéad alt dá ráiteas don Seanad, chun Údarás na Gaeltachta a bhunú, Údarás a mbeidh de dhualgas orthu caomhnú agus [287] leathnú na Gaeilge mar phriomh mheán cumarsáide sa nGaeltacht a spreagadh agus a fhorbairt, na Gaeltachtaí a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair. Is dóigh liom go bhfuil an réimse go léir ansin, gur uasal an réimse é, agus tá súil agam go n-éireoidh, go maith leis an mBille agus le Údarás na Gaeltachta. An focal deiridh a déarfaidh mé, tá leas mór déanta ag Radio na Gaeltachta don Ghaeltacht agus don teanga trí chéile mar ó bunaíodh Radio na Gaeltachta go bhfuil na Gaeltachtaí éagsúla níos mó i dtreo a chéile. Tá siad níos mó i dteangmháil le chéile más ar an aer féin é agus go dtuigeann muintir gach Gaeltacht anois go bhfuil ceantracha eile ann a chleachtann an teanga agus a bhfuil na nósa agus an bhéasaíocht chéanna acu agus atá acu féin. Is dóigh liom go bhfuil sé sin á misniú insna ceantracha éagsúla sin agus gur mór an chabhair doibh go bhfuil Radio na Gaeltachta ar an saol agus go bhfuil an radio sin ag déanamh obair anmhaith. Faríor ní féidir an rud céanna a rá faoin teilifís, agus tá faitíos orm go bhfuil cur isteach mór ag an teilifís ar shaol na Gaeltachta agus go bhfuil meath á chur ar labhairt na Gaeilge san nGaeltacht agus athrú meona dhá scaipeadh insan nGaeltacht ag mean na teilifíse, agus dá bhféadfaí é, agus dá mbeadh an t-airgead le fáil níor mhiste agus ba mhaith an rud é, dá gcuirfí teilifís Ghaeltachta ar fáil fiú amháin teilifís Ghaeltachta a bheadh ar a laghad sealadach, a mbeadh roinnt uaireanta a chloig de chláracha teilifíse i nGaeilge le fáil sna Ghaeltachtaí ag muintir na Gaeltachta. Sin é a ndéarfaidh mé ag an staid seo den Bhille. Beidh seans agam arís na forálacha eile ann a phlé níos mine más gá sin.

Mr. Kiely: Cuirim fáilte roimh an mBille seo chun Údarás na Gaeltachta a bhunú. Is oth liom nach bhfuil a lán Gaeilge agam agus mar sin beidh mé ag caint as Béarla.

I welcome this Bill, as do all the people of the Gaeltacht, a people who, in the past, had many promises made to them which were not realised. These people [288] give the Minister every credit for what he is doing for them.

I have to admit with regret that my knowledge of the native language is limited. I hope to improve and, if possible, perfect my knowledge of it and I shall give my children and other young people every encouragement to learn Irish and to speak it frequently. Because I, and others of my generation, who had facilities to learn Irish, did not continue to speak it, we cannot speak it fluently today.

The Gaeltacht, an available source of living Irish, is the only part of the country where the people still use it exclusively. There, they organise Irish courses that have been visited by young people from my area. I am a member of an organisation which grants scholarships to its young members for Gaeltacht courses in Gaeltacht schools. The children come back, saying that they have benefited from such courses. There are also farmhouse holidays in the Gaeltacht, which enable people like me, with limited knowledge, to improve their Irish.

Údarás na Gaeltachta is being set up to give the people of the Gaeltacht a say in the affairs of their own community. I welcome it and I am certain it has the blessing of all who want to see the Irish language live. This proposed body creates important precedents in the idea that it would co-ordinate local government and development functions and in the acceptance of the principle that the majority of such a body should be elected by the people it represents and serves.

The new údarás brings responsibility for the people of the Gaeltacht and it is important that it should have sufficient funds. Section 9 provides that they be empowered by Government order. That clearly indicates the Government's intention to meet, by whatever means are necessary, the requirements for the development on a comprehensive basis in the Gaeltacht area. The establishment of a hot line between the údarás and Brussels should be considered, so that applications for regional aid may come direct to the Gaeltacht, with a minimum of fuss. Maximum powers and functions in the local government area should be [289] given to the údarás from the outset, of these planning and education are the most important. The Minister might indicate if this will be so.

It is good to see that the majority in the údarás will be democratically elected. The Minister has pointed out that there will be three constituencies, with three representatives from Connaught, two from Munster and two from Ulster. I do not know if the Munster people will be pleased to have only two representatives. I am sure the Minister had good reasons for so allocating the constituencies. It is imperative that the Gaeltacht elections be separate from the local elections and take place as soon as possible. The Minister has stressed that he would like this Bill looked at, to ensure that the údarás functions as soon as possible.

I welcome the Bill; it will provide the framework that is necessary for the people of the Gaeltacht. It has given them new life and a new sense of pride. I wish the people of the Gaeltacht well and ask them, and all of us, to take pride in our own language and culture.

Mícheál Cranitch: Is inmholta go mór aon iarracht a dhéantar chun an Ghaeltacht a fheabhsú, a chaomhnú agus a leathnú, mar thar a bhfuil againn ón dúchas is dócha gurb í an Ghaeltacht an rud is saibhre, an seod is luachmhaire. Mar tríd an nGaeltacht agus tríd an nGaeilge tá ceangal teanga idir teanga an lae inniu agus teanga na nGael nuair a tháinig siad go hEirinn don chéad uair ar a laghad 300 bliain roimh Iosa Chríost agus ni amháin san ach tá ceangal a théann siar níos fuide ná san féin. Téann an ceangal siar go dtí an Cheiltis—an teanga Cheilteach a bhí á labhairt san Eoraip agus fós féin is féidir linn dul siar go dti an teanga óna shíolraigh an Cheiltis, an teanga Ind-Eorpach. Cuireann sé gliondar ar mo chroí aon uair a chuimhním air sin. Tá an dúchas ann agus is ceart go mbeimis mórálach as. Ar an ábhar sin aon rud a dhéantar chun an Ghaeltacht a fheabhsú agus a leathnú ba cheart é a dhéanamh agus nuair a chuimhnímid ar an nGaeltacht dar ndóigh cuimhnímid ní amháin ar na sléibhte agus ar an dtalamh agus ar an bhfarraige ach [290] cuimhnímid thar aon rud eile ar mhuintir na Gaeltachta. Daoine uaisle iad a bhfuil an-éirim aigne acu, an-léann, anfheallsúnacht. Tá an sean-léann go smior iontu, idir féith na filíochta agus cumas labharta na teanga. Chuirfeadh sé ionadh ár dhuine a fheabhas is a labhraíonn muintir na Gaeltachta ní amháin an Ghaeilge ach, nuair a théann siad chuige, an Béarla, agus an Fhranncís agus na teangacha eile mar tá cleachtadh acu ar fhuaimeanna nach bhfuil in aon chor agus nach bhféadfadh a bheith ag an mBéarlóir amháin. Nuair a bhímid ag cur síos ar mhuintir na Gaeltachta táimid ag cuimhneamh air seo. Tá an talamh go bocht. Is mó duine de mhuintir na Gaeltachta a bhíonn ag brath ní amháin ar an dtalamh bocht ach ar an bhfarraige chun a shli bheatha a bhaint amach. Teastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta slí bheatha a bhaint amach. Is mó duine a bhíonn ag cur síos ar an Ghaeltacht agus cuimhníonn siad ar na ranganna a bhíonn ar siúl agus ar an gcaint agus ar an “crack” a bhíonn ar siúl istoíche agus mar sin de, agus molann siad muintir na Gaeltachta as feabhas a gcuid cainte. Ní bheathaíonn na briathra na bráithre agus ní chothódh focail amháin agus amhránaíocht agus filíocht muintir na Gaeltachta. Caithfidh siad slí bheatha a bhaint amach agus sin ceann des na rudai is mó a bheidh le déanamh ag an Údarás nuair a thosnóidh siad ag feidhmiú. Gan dabht tá árd-mholadh ag dul do Ghaeltarra Éireann. Tá gaisce déanta acu le fada an lá anois agus do chuir sé an-áthas orm nuair a léigh mé an moladh a thug Aire na Gaeltachta dóibh san óráid a thug sé. Ar leathanach a 2 deir sé:

Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun lucht Ghaeltarra a mholadh as ucht a bhfuil curtha i gcrich acu le breis is 20 bliain anuas agus go háirithe ón mbliain 1965 i leith nuair a tugadh cumhachtaí breise dóibh chun cúrsaí tionsclaíochta a chur chun cinn. Na tionscail eile ar chabhraigh Gaeltarra leo bhí thart ar 4,600 duine ag obair go lán-aimseartha i ndeireadh na bliana seo caite.

Is íontach é sin a bheith le rá ag an Aire agus tréaslaim dó féin agus do Ghaeltarra agus do gach duine a raibh baint acu leis an obair íontach sin. Tá 4,600 duine [291] ag obair go lán-aimseartha. Is mór an gaisce é sin agus tá focal molta tuillte acu agus do thug an tAire an focal molta sin dóibh. Gan dabht, tá an-mhuinín agam agus tá an-dóchas agam, nuair a bheidh an tÚdarás ar bhonn reachtúil, go leanfaidh siad den obair sin, obair íontach ar fad.

Is Bille an-fhada ar fad í seo, dhá leathanach is triocha, agus chuir sé an-áthas orm nuair a léas go mion é, agus nuair a thug mé faoi deara na cumhachtaí leathana atá san mBille. Tá ainmneacha ansan ar leathanach a 9 agus arís ar leathanach a 11, alt a 8 (1) ar leathanach a 9:

Déanfaidh an tUdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlionadh aige agus thar a cheann.

Ansan uimhir a dó, uimhir a trí agus mar sin de. Ach in uimhir a haon, feicim arís:

“Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phriomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht”.

Racaidh mé ar aghaidh anois agus déanfaidh mé tagairt do rud a luaigh mo chara, an Seanadóir Séamus de Brún, is é sin, an radio agus an teilifís. Sílim go bhfuil sé de dhualgas anois ag an Údarás rud éigin a dhéanamh—is minic a deirimid “rud éigin a dhéanamh” ach caithfidh siad rud éigin a dhéanamh ó thaobh na teilifíse de ach go háirithe. Tá Radio na Gaeltachta ar fheabhas ar fad. Sar a tháinig Radio na Gaeltachta i bhfeidhm bhí ar gach Gaeilgeoir, chomh minic is a d'fhéadfadh sé a dhéanamh, dul síos go dtí tobar na Gaeilge, go dtí an Ghaeltacht féin chun snas a chur ar a chuid cainte, ar a chuid foghraíochta agus ar a chuid fuaimeanna ach, buiochas mór le Dia, anois is féidir fear na Gaeltachta a chloisint i do thig féin pé áit ina mbionn tú ach éisteacht le Radio na Gaeltachta.

D'iarrfainn ar an Aire na huaire a [292] leathnú amach. Ní leor an tréimhse ama a thugtar do Radio na Gaeltachta. Ba cheart go bféadfadh gach duine, aon am den lá, an Ghaeilge a chloisint. Mar baineann sé le foghlaim teanga— baineann sé seo go bunúsach le foghlaim teanga ar bith—caithfidh tú na fuaimeanna a fháil ar na cluasa. Má bhíonn tú ag éisteacht go minic le Gaeilge nó le Fraincís nó le Gearmáinis no fiú amháin le Rúisís, tiocfaidh an chaint chugat ar ball agus ba cheart go rachadh daoine i dtaithí bheith ag éisteacht le Radio na Gaeltachta.

Scéal eile ar fad é scéal na teilifíse agus silim go bhfuil an-dhiobháil ar fad á dhéanamh ag lucht na teilifíse faoi láthair, ní hé amháin ó thaobh na teanga ach ó thaobh an saghas fealsúnachta a bhíonn le fáil óna lán des na cláracha teilifíse. Cuir i gcás, na saghsanna drámaí a bhíonn ar siúl gach tráthnóna Déardaoin. Chuirfidís déistean ar Bhéarlóir gan a bheith ag trácht ar éinne a chomhnaíonn sna Ghaeltachtaí. Tá a fhios agam go ndéanfaidh an tAire scrúdú ar na pointí sin, agus go n-éiri go geal leis.

Tá trí nó ceithre leathanach ansin ag cur síos ar na toghcháin. Ainmneoidh an tAire féin an Cathaoirleach agus cúigear, agus déanfar seachtar a thoghadh; beirt, is dóigh liom, as Gaeltacht Thír Chonaill, triúr as Contae na Gaillimhe, Contae Mhaigh Eo agus Contae na Mí agus beirt ansin ó Chontae Phort Láirge, Contae Corcaí agus Contae Chiarraí. Tá sé sin an-sásúil, mar sílim nach bhféadfadh éinne muintir na Gaeltachta a thuiscint chomh maith le fear na Gaeltachta féin agus tabharfaidh sé sin an-mhisneach ar fad do mhuintir na Gaeltachta, é bheith de cheart acu seachtar comhaltaí a thoghadh as a stuaim féin, agus sílim go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí na Gaeilge agus ar mhuintir na Gaeilge de thoradh an Bhille sin.

D'fhéadfainn a bheith ag labhairt mar gheall ar na cúrsaí sin go maidin agus ní bheadh mo dhóthain ráite agam, ach tá sé ag éirí déanach agus teastaíonn ón Aire teacht isteach agus labhairt chun críoch a chur leis an diospóireacht. Ach déanfaidh mé ag tagairt do rud amháin eile. Ar leathanach a 3 d'óráid an Aire deir sé anseo:

[293] Tig leis an Rialtas cumhachtaí breise nach bhfuil sonraithe sa Bhille a thabhairt don Údarás le hordú.

Tá forálacha so-lubtha chun na críche sin in alt a 9, an t-alt is suimiúla sa Bhille b'fhéidir, agus is deimhin liom go scrúdóidh Seanadóirí go mion iad. Rinne mé féin iad a scrúdú go mion agus do réir mar a bheidh riachtanaisí ann, do réir mar a bheidh an riachtanas ann maidir le cúrsaí áirithe, rudaí a bhaineas leis na gnéithe áirithe de shaol na Gaeltachta agus do easpa mhuintir na Gaeltachta, déanfar rialacha chun teacht i gcabhair orthu. Molaim an tAire agus a fhoireann iontach ina Roinn féin, daoine Gaelacha dílse. Molaim iad go léir as ucht a bhfuil déanta acu cheana féin, agus le cúnamh Dé agus le cúnamh Roinn na Gaeltachta tiocfaidh feabhas agus saibhreas agus rath Dé ar mhuintir na Gaeltachta agus ar an obair iontach atá á déanamh ag Gaeilgeoirí ar fud na hÉireann chun ár seana-theanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Mr. McGowan: I want to join with other speakers in welcoming this Bill. It gives a lot of confidence to the people of the Gaeltacht, which is very essential. Confidence plays the biggest part in any attempt or effort to restore the native language in any part of the country. We have not, for a very long time, been sure, in any section of the Government whether we were serious about retaining the language, or helping to re-establish it, or whether we should include it for examinations for various jobs and promotions. There was a lack of certainty which did no good at all. To my knowledge, the removal by the previous Government of compulsory Irish for the appointment to certain civil service jobs did a major disservice—and I say that with sincerity—in so far as it made people think that it was only a matter of time until the Irish language would disappear completely. It is proper for me to say this, as a person with a limited knowledge of the Irish language. I certainly do not lack in love for it. Like many of the people of my county, however, during the time that the language was stronger there, those that were best at the language had no opportunity of using it when they had to go to [294] tunnels in England. Unfortunately, this is where most of the Irish language lost its value. For anybody who wants to look objectively at the history of the language, the purpose it was serving and where it goes from here it is useful to have a Bill establishing a body like Údarás na Gaeltachta. It will not be sufficient to establish this new body if, in fact, it has not the goodwill and the support of everybody. It has to be clearly seen to be working. From my personal knowledge of the Minister for the Gaeltacht, I know he is sincere and dedicated and if he gets the backing of the Government he will not fail to implement the best objectives intended in the establishment of Údarás.

In County Donegal we are establishing and extending vocational schools at Carrick and we are also closely associated with the establishment of a new central school in Dungloe and in the Rosses. There is no lack of goodwill to include the Irish language in subjects today. People now are more aware of how small a problem it is now that we have gone into Europe. In fact, to be a good European one needs two or three languages. This makes me think how poor nationalists we have been when we are not able to speak our own language. It is making us have second thoughts. This is an opportune time to introduce a Bill like this and to establish a body like this.

Údarás will be a success if we back it up 100 per cent. There are many ways we can do this. I am thinking of all the useful functions that take place, the summer schools in the Gaeltacht, the development of industry, the development of holidays, the development of angling and all the associated programmes that the Udarás can promote. I would hope sincerely that this body will be given the teeth to make a useful contribution. I urge the Minister and those who are very near to the ground where this new body will be established to approach the retention and the preservation of the language in a reasonable manner. I ask all of the people who work in any capacity, whether they are promoting industry in the Gaeltacht or promoting housing grants, to be reasonable. I say this based on the [295] knowledge I have that sometimes we get fanatics who with the best intentions in the world destroy the very purpose they set out to achieve.

I have a lot of experience of people who make applications for new house grants and house repair grants in the Gaeltacht and an inspector comes around who undoubtedly is fluent in the language—his whole background is the fellow with the shining fáinne, he is as pure as gold—but he cannot see further than that. This is a disservice. This is the very attitude that has killed the language in many areas. I would ask the Minister to pay particular attention to that aspect of it. Any person who has applied for a new house or a reconstruction grant in the Gaeltacht who has made a reasonable, honest attempt to speak the language should be helped and encouraged rather than discouraged.

I want to compliment Radio na Gaeltachta for the great work they are doing. They are making a major contribution to achieving what is the principle of setting up this board. Radio na Gaeltachta have a wide listening audience. Many people far outside the Gaeltacht listen to the news and, in fact, familiarise themselves with the language sufficiently to understand the news when it is on Radio na Gaeltachta. I am speaking from personal experience. They should be encouraged and helped. They are definitely making a major contribution. It is only fair that we should recognise that and compliment them on the good work they are doing.

I recognise that many people in my county feel that they are doing badly with only having two representatives in Donegal and that this is under-representation in relation to the number of Gaelic speakers we have in the county and on the islands. I would ask the Minister to make sure that when he comes to appoint the additional six he will bear in mind the fact that there are very strong feelings on this. A number of people have been asking for deputations to meet the Minister to put the case that Donegal is entitled to three, based on a head count. I can understand that the Minister is facing the problem of giving [296] fair representation on a geographical level. I recognise the problem that he has, I ask him, without claiming any special favours, to recognise that we have a just claim in County Donegal for more than two representatives. I hope the Minister will recognise this when he comes to appoint the six members.

I assure the Minister that when the new body are set up they will have a lot of goodwill. It takes goodwill to achieve success when any body is established. I hope that we will get some of the best people elected and afterwards that the Minister will nominate the best people he can get. I ask him to keep away from people who are absolute fanatics because this type of approach will not be for the further development of the Gaelic language and will not help the Gaeltacht areas.

Mr. Mulcahy: Ar dtús, cuirimse fáilte roimh an Bhille seo. Freisin, ba mhaith liom mo bhuiochas a ghabháil don Aire os na rudaí a luaigh sé in a óráid fhéin. Ag an am chéanna, is dóigh liom gur cheart buíochas a ghabháil freisin do a lán daoine eile a bhí ag obair ar na comhairlí éagsúla a bhí ag féachaint isteach san gceist seo. Ar Chomhairle na Gaeilge atá mé ag smaoineamh. Tá sé dearmadtha agam anois ach is dóigh liom go raibh 30 daoine ar an gComhairle sin agus d'oibrigh siad go han dian. Tá mé ag smaoineamh—agus níl mé chun ainmneacha a lú—ar dhaoine cosúil le Con Murphy agus daoine nach maireann anois cosúil le Seán Ó Riada, agus an méid oibre a chuir siad isteach agus an méid tiomáint a dheineadar timpeall na tíre ar lorg tuairimí ó dhaoine sna Ghaeltachtaí uilig. Bhí an obair seo ar siúl acu go páirt-aimsearach. Deineadh an obair agus anois, mar a dúirt mé, tá an Bille seo os ár gcomhar, agus tá mé an-shásta faoi sin.

Anuas ar sin luaigh an tAire an tuarascáil “Gníomh don Ghaeltacht” agus ba mhaith liom mo bhuiochas a chur in iúl do dhaoine a tháinig isteach chun obair a dhéanamh ar an tuarascáil sin agus cuid acu nach raibh ar Chomhairle Gaeilge an uair sin—na daoine a thainig ó SFADCo atá mé ag smaoineamh [297] orthu, daoine cosúil Paul Quigley, Tom Callanan agus Brendan O'Regan. An rud a bhí ag cur isteach orainn an uair sin ná conas d'fhéadfaimís polasaí forbartha agus polasaí teanga a chur le chéile, i dtreo is nach mbeadh ceann amháin ag brú isteach ar cheann eile. Is dóigh liom gur theaspain “Gniomh don Ghaeltacht” cúpla rudaí nua, cúpla polasaí nua a d'fheadfaí úsáid a bhaint astu. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire, dá bhféadfadh sé a dhéanamh, tar éis an Bhille a bheith rite, go mbeadh seminar de shaghas éigin faoi bhráid an Aire agus go mbeadh daoine mar sin ann agus a gcuid tuairimí d'fháil arís anois os rud é go bhfuil seacht mbliain nó mar sin imithe ó scriobhadh “Gníomh don Ghaeltacht”. Tá athrú mór tagtha ar an nGaeltacht, ar an reigiún sin, ins an am sin. Cén saghas athraithe atá tagtha? Tá figiúirí maithe ann. Tá tuarascáil bhliantúil Ghaeltarra 1977 agam anseo agus tá mé ag féachaint ar na grafanna i gcomhar fostaíocht lán aimseartha. Téann an graf ó 750 go dtí nach mór 4,300 i 1977, agus tá a fhios agam fhéin anois go bhfuil nach mór míle eile le cur isteach ar sin, timpeall 700 nó mar sin. Dá bhrí sin tá beagainín nios mó ná 5,000 daoine lan-fhostaithe anois.

Is iontach an baint amach é sin nuair a smaoinítear go bhfuilimid ag deileáil le reigiún ina bhfuil timpeall 70,000 daoine, go rabhamar in ann an targéid sin a bhaint amach taobh isteach de deich bhliain, agus nuair a smaoinítear go raibh forbairt idir 1973 agus 1977 ó 2,500 go dtí, abraimís, 4,500, 'sé sin 2,000, agus gur tharla sé sin tríd an tréimhse ina rabhamar ag cailliúint fostaíocht ins an tír ina iomlán. Is maith an rud é an cheist a chur, cad na thaobh go bhféadfadh eagras cosúil le Gaeltarra Eireann an saghas rud sin a bhaint amach agus go raibh deacrachtaí eile sa tír? Ní dóigh liom go mba cheart an iomad ama a chaitheamh ar seo mar baineann sé le polasaí tionsclaíochta ina iomlán sa tír, ach ceapaim féin gur tharla sé mar go raibh daoine ag obair i nGaeltarra a bhí sáite san áit iad féin, a bhí ceangailte ón a gcroí leis an rud agus go rabhadar sásta an seans a thógáil.

Mar is eol díbh—nó b'fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach Seanadóir é— [298] bíonn ar Ghaeltarra agus bhí ar Ghaeltarra, scaireanna a thógáil sna gnótha éagsúla gur chuireadar in-fheistiocht iontu. Sin saghas ceangail leo nuair a bhíonn siad ag cur airgid isteach. Mar gheall ar sin, ta baint acu le an-chuid mion-tionscail agus chomh-thionscail agus fo-thionscail. An rud a tharla agus iad ag obtair ar sin, d'fhoghlaimíodar conas gnó a chur ar siúl. Bhí eagsúlacht iontach ag baint leis an rud. Tá rudaí plus agus rudaí minus ag dul le sin ach ón éagsúlacht d'fhoghlaim oifigigh Ghaeltarra mar gheall ar ghnó agus ceapaim féin go raibh sé sin anthábhachtach agus anois go bhfuil siad ar leibhéal cheart agus i riocht ceart chun saghas take-off ceart a bheith acu anois. Is iontach an rud é go bhfuil an Bille seo um Udarás na Gaeltachta ag teacht ar aghaidh chun structúr ceart a chur ar fáil.

Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé sásta le gach rud atá sa Bhille ach téann sé leis an 99 faoin gceád den rud ó mo thaobhsa de. Feicim an gnáth rud mar gheall ar Roinn na Seirbhíse Poiblí ag teacht isteach, ach tá súil agam nach gcuirfidh siad isteach ar an só-lúbthacht atá i nGealtarra, sna slionna a bhfuileadar ag baint úsáide as bainisteoirí oilte ó thaobh ghnó de. Tá mé ag cur an leid ar aghaidh go mb'fhéidir go mbeadh.

Duine eile a rinne togha obair o thaobh féachaint isteach ar an phatrún cultúrtha a bhí san Ghaeltacht ab ea an Dochtúir Ó Ceallaigh, a scríobh cúpla tuarascáileacha thar deich mbliain anuas nó mar sin, agus le déanaí bhí mé ag féachaint ar chuid desna rudaí a scríobh sí. Ceapaim go mbeadh sé úsáideach anois freisin a fháil amach an bhfeicfeadh sí an structúr agus an patrún cultúrtha céanna san reigiún sin tar éis an fhostaíocht atá ann anois a bheith ann. Cheapfainn féin go bhfuil saghas mothú nua ins an reigiún i measc na daoine os rud go bhfuil siad tar éis forbairt a bhaint amach ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de. Bheadh sé suimiúil a fháil amach an gceapfadh sí anois go mbeadh na deacrachtaí céanna ó thaobh meascadh idir na daoine lógánta agus na bainisteoirí a bheadh ag teacht isteach ó lasmuigh agus mar sin de. Mar is eol don Aire, bhí sí buartha mar gheall ar chúrsaí [299] oideachais san Ghaeltacht, go m'bfhéidir nach raibh na muinteoirí oilte i gceart chun deileáil leis na saghas deacrachtaí a bheadh ann agus polasaí eacnamíochta ag brú isteach ar ghnáth seanchultúr stairiúil an réigiúin sin.

Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil athrú tar éis titim amach. An bunaidhm—tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh na aidhmeanna a bhaineann leis na háisínteachtaí éagsúla a bhíonn ag obair san Ghaeltacht sa treo chéanna. Mar a deirtear i mBéarla go mbeadh saghas “congruence of aims” agus nach mbeadh áisínteacht amháin ag cur isteach ar áisínteachtaí eile. Tá súil agam go bhfuil an freagra againn anois san Udarás, go mbeadh daoine tofa óna réigiúin ar an mbord agus go mbeadh daoine ar an mbord freisin a mbeadh scileanna forbartha eacnamaíochta, b'fhéidir, acu. Ní dóigh liom go mbéinn go hiomlán ar thaobh mo chomh-Sheanadóir féin a bhí ag labhairt anois. Dúirt sé go mba cheart níos mó daoine ó Dhún na nGall a bheith ann. Sin rud amháin. Ach má tá daoine ó Dhún na nGall ag dul ann, bíodh go mbeadh siad oilte ón taobh forbartha de, tá sé riachtanach go mbeadh siad in ann a scileanna a chur ag obair ó taobh an bun-aidhm—agus aontaím go bhfuil cuid mhaith aidhmeanna ann ach an bun-aidhm ná lán-fhostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí ar mhaith le muintir na Gaeltachta—i dtreo agus go mbeadh caighdeán maireachtála Ghaeltachta ar aon leibhéal leis an chuid eile den tír, go mbeadh forbairt leanúnach ann gan spreagadh ón Stát, go mbeadh sé ag eitilt ar a sciatháin féin agus go mbeadh an pump primeálta, mar a dearfá, agus go dtabharfadh an fhorbairt sin seans do chainteoirí Gaeilge fanacht in a gceanntair dhúchais i dtreo is go mbeadh an saol oiriúnach le haghaidh slánú agus forbairt na Gaeilge. Sin é an saghas bunaidhm atá ar súil.

Ag an am céanna, ag féachaint ar seo caithfimid a admháil go bhfuil deacrachtaí ag aon dream atá ag iarraidh na haidhmeanna sin a bhaint amach agus go gcaithimid i mBlá Cliath, go gcaithfidh an Rialtas agus go gcaithfidh na hAirí eacnamúla sa Rialtas [300] a thuiscint go bhfuil deactrachtaí ann agus bheith tuisceanach nuair a bhíonn aonad anseo agus ansúd i dtrioblóid. Smaoinigh anois ar chuid des na deactrachtaí sin, na deachtrachtaí suíomh a bhaineann leis an rud. Tá an chuid is mó acu suite i bhfad ó chathracha agus bailtí móra, i bhfad ó sheirbhísí riachtanacha, tacaíochta agus cothabhála i bhfad ó áiteanna shóisialta, oideachais agus sláinte. Sin an chéad rud—an suíomh. An tarna rud agus an rud atá ag cur isteach go huafásach ar an obair atá ar súil acu ná an bunsraith nó an infrastructúir. Tá an córas cumarsáide agus an córas iompair an-lochtach. Is minic a bhíonn seirbhísí uisce agus séarachais in easnamh. Níl tithíocht oiriúnach i gach slí, ach arís caithimid a admháil go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas agus tá sé ag dul i bhfeabhas os rud é go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag dul i bhfeabhas. Aontaím le sin, ach sa tús, má bhíonn monarcha ag dul ar aghaidh in áit iargúlta bhí na deacrachtaí sin ann. Tá an córas telefón go dona ar fad. Táimid go léir bréan de bheith ag cur síos ar seo, agus chualamar le déanaí go raibh aon rud amháin a bhí ag baint úsáid as líntí i gcóir computers, go rabhadar ag imeacht ón iarthar mar gheall ar sin. Níl na bóithre go hiontach ó thaobh gnáth iompair agus caithimid a rá nach bhfuil bóthair iarainn ag dul go dtí na háiteanna. An triú rud, ach amháin b'fhéidir i gcúrsaí iascaireachta níl saibhreas lógánta ag baint leis na háiteacha ó thaobh tionsclaíochta de. Rud eile, níl tradisiún fostaíochta i monarchana ag baint leis an chuid is mó de na réigiúin sin. Anuas ar sin bíonn an gnáth saghas rud a bhaineann leis an reigiún, cúrsaí aimsire.

Ní dóigh liom gur baineadh úsáid cheart as tréanáil, ní amháin tréanáil i scileanna teicneolaíochta ach tréanáil scileanna bainistíochta. Caithimid a admháil, os rud é go bhfuil na deacrachtaí sin go léir ag baint le pé aonad atá á chur ar bun, go mbíonn bainisteorí agus teicneoirí i bhfad níos fearr ag tastáil chun cur suas leis na deacrachtaí i deannta a chéile agus dul ar agaidh. Arís caithfidh mé a rá go bhfuil feabhas ag teacht ar sin agus go bhfuil níos mo suime agus go bhfuil [301] saghas tarrthaileachta ann i mbainisteoirí oilte agus i mbainisteoirí go bhfuil scil acu ag dul siar agus fonn orthu dul ag obair in áit cosúil leis an nGaeltacht agus sna monarchana atá á chur ar bun ag Gaeltarra Éireann.

Dúirt an tAire ina óráid go bhfuil cumhachtaí aige nach bhfuil spelled out ins an mBille, ach go mbeadh sé in ann rudaí a dhéanamh, agus glacaim go raibh sé ag smaoineamh ar an mbunsraith nuair a bhí sé ag caint mar gheall ar na cumhachtaí seo. Ceann de na deacrachtaí a chonaiceamar i gComhairle na Gaeilge nuair a bhíomar ag féachaínt isteach ar seo ná ar chonstaici nach raibh Gaeltarra in ann a shárú, constaicí a bhain le leictreachas, uisce agus mar sin de. Ba mhaith liom go leathnódh an tAire beagáinín ar a dúirt sé, go mbeadh sé sásta na cumhachtaí sin a thabhairt don Udarás dá mba gá iad chun aonad a chur ar aghaidh agus nach mbeadh sé ceangailte le deacrachtaí eagrasúil ó Roinn go Roinn.

Is cuimhin liom agus mé ar thuras go dtí Arann ocht mbliana ó shin nó mar sin, go raibh an córas teileafóin go huafásach. Chun glaoigh ar dhochtúir ar Inis Mhóir ó Inis Mheán, bhí ar an leide leictreonach dul ó Inis Mheán go Contae an Chláir, ó Chontae an Chláir go Luimneach, ó Luimneach go dtí Inis, ó Inis suas go dtí Gaillimh, ó Ghaillimh amach go dtí Indreabhán, ó Indreabhán amach arís go dtí Inis Mór, agus b'ionann sin agus a rá nach raibh an rud ag obair ach amháin deich faoin gcéad den am. Níl ansin ach sampla, agus níl mé ach ag cur síos ar chúpla bliain ó shin. Ba mhaith liom go mbeadh an cumhacht ag an Udarás an sreang sin díreach—agus an rud a bhí ag teastáil an uair sin ná radio link beag ó oileán amháin go dtí an t-oileán eile—a dhéanamh iad féin nó é a thabhairt go dtí dream éigin muna mbeadh an Roinn Phoist agus Teileagrafa in ann é a dhéanamh, dá mba rud é nach mbeadh an ESB sásta é a dhéanamh agus mar sin de.

Sin rud mór anseo, agus tá súil agam go bhfuil sé socraithe ins an mBille. Feicim go bhfuil an cumhacht ann ach tá súil agam go bhféadfar é a chur ag obair. Sin an rud.

[302] Pé rud a bhí le rá agamsa ar an rud seo tá sé ráite cheana in áiteacha eile. Cosúil leis an Seanadóir Whitaker, tháinig mé isteach chun fáilte a chur roimh an Aire seo a rabhamar ag feitheamh le fada. Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire go bhfuil sé anois ag tabhairt an Bhille seo ar aghaidh, go bhfuil an Bille um Bord na Gaeilge curtha ar aghaidh aige. Tá na bunclochanna ann anois i gcomhair polasaí cheart theanga agus polasaí forbartha i gcomhair na Gaeltachta a bhaint amach. Ba mhaith liom tréaslú leis freisin go ndeachaigh sé i bhfad níos fuide ná mar a bhí beartaithe nuair a bhíomar ag smaoineamh ar an structur daonlathach i gcomhair an rud seo, agus gur phioc sé uimhir i gcomhair an taobh toghcháin de atá níos mó ná an méid a bheadh aige féin. Taispeánann sé sin go dtuigeann sé na deacrachtaí, agus ní nach ionadh os rud é gur tháinig sé ón Ghaeltacht é féin.

Tá súil agam go bhfuil deireadh tagtha leis an imirce ón nGaeltacht. Tá súil agam go bhfuil deireadh freisin leis an easaontas idir na daoine a bhfuil Gaeilge na Gaeltachta acu agus Gaeilge Bhaile Átha Cliath acu, go bhfuil muintir na Gaeltachta anois níos tuisceanaí ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine cosúil liom féin a bheith ag labhairt Gaeilge, agus go mbeimid ag obair guailleann le ghuailleann i gcomhair na bunaidhmeanna céanna. Is é rud a fuair an Dochtúir Ó Cheallaigh amach nuair a bhí sí ag obair ná go gceapann muintir na Gaeltachta—agus tá cuid mhaith de seo le feiceáil ins na fadhbanna i lár cathrach a bhíonn agam anseo—go bhfuil saghas zero sum ar fáil—the theory of limited good, agus aon rud a bhíonn ar fáil i gcomhair dream amháin go bhfuil siad á thógáil ó dhream eile, agus mar gheall ar sin go mbíonn easaontas ann. Tá súil agam go bhfuil sé sin ag imeacht agus go dtuigeann na daoine cad tá ar siúl. Tá na tithe maisithe chomh néata sin anois, mar is féidir a fheiceáil agus tú ag dul timpeall na tíre; tá na monarchana á dtógáil agus níl siad ag brú isteach ar an timpeallacht. Is féidir dul thar na Forbacha anois agus timpeall an Spidéil agus gan a fhios a bheith agat go bhfuil tionsclaíocht mór ar siúl thar an horizon.

Ceapaim go bhfuil rud éigin eile le [303] déanamh ag an Údarás, go gcaithfidís saghas re-establishment ar Ghaeilge a dhéanamh i gcuid desna monarchana agus cuid desna tionscail atá bunaithe. Mar gheall ar an togra atá ar siúl le déanaí ar RTE ag Bord na Gaeilge, “that this is part of what we are”, ba cheart don saghas smaoinimh sin an Ghaeltacht agus an Galltacht a chomhshnaidhm le chéile. “It's part of what we are” i mBaile Atha Cliath, i Luimneach nó áit ar bith mar sin ach tá sé níos mó agus níos furasta le feiceáil ó thaobh mhuintir na Gaeltachta de agus go dtógaimis ar sin san todhchaí freisin. Tá an seans againn agus caithimid a rá gurb é seo an seans deireannach. Uaireanta ceapaim go mb'fhéidir go gcaithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh ón dtaobh sin de leis na ceantair atá fágtha, atá an-saibhir ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus ó thaobh méid labhairt na Gaeilge de. Tá mé ag smaoineamh arís ar áiteanna cosúil le Oileáin Árainn.

Ba mhaith liom arís cúpla focal a rá mar gheall ar chomhpháirtíocht ó thaobh obair an Údaráis de. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach éinne, ach i 1970 ní raibh páirtíocht ag Gaeltarra ach i ndeich gcomhlachtaí agus ag rith suas go dtí 1974 bhí siad ag brú ar 50 comhlachtaí agus i 1975 bhí siad imithe suas go dtí nach mór 70 comhlachtaí. D'fhéadfadh go bhféadfaimís a ghlacadh anois go bhfuil siad ag brú ar 100 comhlachtaí. Sin é an leibhéal comhpháirtiochta atá bainte amach acu agus tá réim fada ag na tionscail go bhfuil infheistiú acu iontu. Infheistíocht neamhghnáthach atá ann—garradóireacht, feirmeoireacht, turasóireacht, déantúsaíocht agus tionscail seirbhísí de gach cineál. Tá siad i dtrí óstáin. Tá rudaí an-shuimiúil á dhéanamh i bhfíodóireacht, i slí go bhfuil cuid mhaith den infheistíocht agus na hearraí atá i gceist ceangailte le tionsclaíocht san Iodáil agus d'fhéadfaí ceist a chur, cad na thaobh an Iodáil: sin ceann des na tíortha atá i dtrioblóid ó thaobh an EEC de, agus b'fhéidir go bhféadfaí é a thuiscint níos furasta dá mbeadh a fhios ag gach éinne go labhrann an príomh-oifigeach Iodáilís go [304] han-líofa. B'fhéidir go bhfuil ceacht éigin aige ins an bpíosa sin. Tá baint acu freisin le cúrsaí iascaireachta ach níl siad ag gearradh trasna ar Bord Iascaigh Mhara agus áiteacha eile. Tá siad i gcúrsaí plaisteacha freisin.

Ag tógáil an méid sin go léir san áireamh, sé mo thuairim—níl na figiúirí go beacht agam anois—nach rabhadar ceangailte ach le timpeall leath-dosaen nó mar sin comhlachtaí a chuaigh as gnó. Tá sé an-shuimiúil freisin féachaint ar na figiúirí a bhaineann leis sin. Nuair a oibrítear amach cad a chosnódh sé aonad mar sin a choinneáil ar oscailt i gcomparáid leis na daoine a bheadh ann a cur ar ais ar an dole agus na deacrachtaí sóisialta a bhaineann leis an saghas rud sin, ní ionadh é go ndéanann Gaeltarra iarracht mór le haonad a choinneáil ar oscailt. B'fhéidir freisin go bhfuil ceacht éigin ann i gcóir áisínteachtaí cosúil le IBA, go mb'fhéidir ó thaobh airgead Stáit de, go bhfuil polasaí ag Gaeltarra a d'fhéadfaí a chur ag obair in áiteacha eile sa tír.

Ba mhaith liom sa deireadh a mholadh don Aire go mb'fhéidir go bhféadfadh sé saghas aonaid nó approach piolóiteach, pilot scheme, a chur ar fáil sa slí go bhféadfadh Gaeltarra daoine a chur ag obair in aonaid bheaga, small businesses, ina mbeadh duine amháin nó cúpla duine nó fear agus a bhean nó deartháireacha, agus an tuarastal a íoc ina iomlán agus nár gá scaireanna a thógáil agus go mb'fhéidir go bhféadfaí an tuarastal ina iomlán a bheith socraithe ins an chéad bhliain agus b'fhéidir leath de agus ceathrú de ins na bliana ina dhiaidh sin agus sa slí sin go bhféadfaí ní hé amháin infheistíocht a chur isteach in innill agus meaisíní agus mar sin de, ach go bhféadfaí infheistíocht a chur isteach i ndaoine.

Cuireadh an díospóireacht ar athló.

Debate adjourned.

The Seanad adjourned at 8.30 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 1 March 1979.