![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 584 - 27 April, 2004 Written Answers. - Nuachtáin Gaeilge. Mr. Sargent Mr. Sargent 102. D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén cúnamh a thugann a Roinn don nuachtán Foinse agus don nuachtán Lá de bharr gur nuachtáin náisiúnta iad an dá cheann acu agus an bhfuil moladh tugtha aige do Ranna eile fógraíocht rialtais a chur sa dá nuachtán. [11860/04] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: Ní thugann mo Roinnse maoiniú díreach do nuachtáin ar nós Lá agus Foinse go hiondúil. Ar bhonn eisceachtúil, thug mo Roinn deontas aonuaire de 20,000 do Lá i 1999 mar chúnamh d’fheachtas margaíochta. Is é Foras na Gaeilge go príomha atá ag plé le cúnamh do na nuachtáin sin. Tuigtear dom go bhfuil maoiniú€246,377 tugtha ag an bhforas do Ládon bhliain reatha, agus tá€234,000 tugtha do Foinse don tréimhse 1 Deireadh Fomhair 2003 go dtí 30 Meán Fómhair 2004. Níl aon mholadh tugtha ag mo Roinnse do Ranna eile fógraíocht Rialtais a chur i nuachtáin áirithe. Tá cumhacht agam faoi alt 9 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le húsáid na Gaeilge, nó an Ghaeilge agus an Béarla araon, ar aon fhógraíó comhlucht poiblí. Tá sé i gceist agam go mbeidh rialacháin déanta agam faoin fhoráil seo taobh istigh de mhí nó dhó. Faoi na rialacháin, beidh dualgas ar chomhluchtaí poiblí a chinntiú go mbeidh fógraíocht i nGaeilge chomh maith, seachas é a bheith i mBéarla amháin. Ach fós beidh an fhreagracht ar bhainistíocht aon chomhluchta ar leith cinnithe a dhéanamh faoi na foilsiúcháin ina gcuirtear fógraí. Dáil Éireann 584 Written Answers. Nuachtáin Gaeilge. Questions 20040427
| ||||||||||||||||||||||