![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 572 - 21 October, 2003 Written Answers. - Iocaíochtaí Deontas. Mr. McGinley Mr. McGinley 383. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na deontais chaipitil agus fostaíochta a ceadaíodh do chomhlacht [sonraí tugtha], an méid de gach deontas atá íoctha go dáta, an méid atá le híoc go fóill, an líon atá fostaithe sa chomhlacht, an líon a scaoileadh saor ó bunaíodh an comhlacht agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi thodhchaí an chomhlachta. [24127/03] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív 1631 Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Éamon Ó Cuív): Tá sé curtha in iúl dom ag Údarás na Gaeltachta gur togra nua é seo a bunaíodh mar thoradh ar staidéar féidearthachta a rinne na príomhaithe ag tús na bliana 2002. Níl bliain iomlán trádála curtha isteach ag an [1631] gcomhlacht go dtí seo agus é fós i mbun fhorbairt a bhun-chustaiméirí. Ón eolas atá curtha ar fáil, tá 27 fostaithe san am i láthair tar éis don chomhlacht scaoileadh le deichniúr le gairid ar fáthanna éagsúla. Ar ndóigh, is gnó don chomhlacht é a chúrsaí earcaíochta agus fostaíochta féin a bhainistiú. Tá na deontais a ceadaíodh agus a íocadh leis an gcomhlacht go dáta léirithe sa tábla seo a leanas:
Dáil Éireann 572 Written Answers. Iocaíochtaí Deontas. Questions 20031021
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||