Dáil Éireann - Volume 569 - 25 June, 2003

Written Answers. - Choimisiún na Gaeltachta.

  124. D'fhiafraigh Mr. English den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi mholtaí Choimisiún na Gaeltachta agus cathain a bheidh sé ag cur na moltaí sin chun cinn. [217834/03]

  Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Éamon Ó Cuív): Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gurb é achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 ceann de na príomh-mholtaí i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus tá súil agam go mbeidh an Bille seo curtha tríd an Oireachtas roimh dheireadh an tseisiúin reatha. Beidh tionchar an-mhór ag an reachtaíocht seo ar go leor de na saincheisteanna atá ardaithe sa Tuarascáil.

  Beidh a fhios ag an Teachta freisin gur bhunaigh mé Coiste Comhairleach i mí Dheireadh Fómhair 2002 le comhairle a chur orm maidir leis na gníomhaíochtaí a theastaíonn chun feidhm phraiticiúil, mar is cuí, a thabhairt do na moltaí éagsúla atá sa Tuarascáil.

  I measc ábhar agus tionscadal atá á gcur chun cinn nó pléite go dtí seo tá: staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a thionscnamh maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an staidéar seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus mar bhunús chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta. Tá tairiscintí I gcomhar an staidéir seo iarrtha agus táthar ag súil go mbeidh tús curtha leis faoin bhFómhar; plean gníomhaíochta le cur ina luí ar thuismitheoirí, go háirithe iad siúd le páistí óga na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Táthar ag súil go mbeidh moltaí sonracha i ndáil leis an bplean ullmhaithe go luath; aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht; tionchar teangeolaíoch pholasaí pleanála sa Ghaeltacht; moltaí i ndáil le hathstruchtúrú an chórais réamhscolaíochta sa Ghaeltacht; moltaí maidir le struchtúr nua deagrais óige sa Ghaeltacht; agus athbhreithniú scéimeanna a bhfuil tionchar suntasach acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, eadhon, scéim Labhairt na Gaeilge agus Scéim na gCúntóirí Teanga.

  Chomh maith leis seo, tathar ag leanuint le comhráite le Ranna Rialtais agus eagrais ábhar[888] tha eile maidir le saincheisteanna a eascraíonn as obair an Choiste Chomhairligh.

  Ar ndóigh, ní mór a aithint go mbrathann rath na hoibre seo trí chéile cuid mhaith ar chomhoibriú a bheith ar fáil ó na páirtithe leasmhara uilig a bhfuil baint acu le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht, go háirithe an pobal Gaeltachta agus na Ranna Stáit agus eagrais éagsúla a bhfuil feidhm acu inti agus freagrachtaí dá réir orthu.