![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 569 - 25 June, 2003 Written Answers. - Ciste na Gaeilge. Mr. Kenny Mr. Kenny 870 98. D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé [870] ráiteas faoi obair Chiste na Gaeilge agus faoi na deontais a íocann siad ar mhaithe leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn. [217847/03] Ms Enright Ms Enright 134. D'fhiafraigh Ms Enright den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi obair Chiste na Gaeilge agus faoi na deontais a íocann siad ar mhaithe leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn. [217842/03] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Éamon Ó Cuív): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 98 agus 134 le chéile. Maonítear Ciste na Gaeilge ó fháltais an Chrannchuir Náisiúnta agus is ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge a chaitear an t-airgead a bhíonn ar fáil. Suim €2.4 milliún atá i gceist i mbliana. Is iad na príomh-eagraíochtaí a mhaoinítear as an gCiste ná Bord na Leabhar Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Iomairt Cholm Cille agus Taibhdhearc na Gaillimhe. Cuirtear cúnamh ar fáil freisin ar mhaithe le tionscadail ilghnéitheacha Gaeilge. Seo a leanas liosta de na príomh-dheontais atá ceadaithe as Ciste na Gaeilge i 2003 go dáta:
Dáil Éireann 569 Written Answers. Ciste na Gaeilge. Questions 20030625
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||