Dáil Éireann - Volume 506 - 03 June, 1999

Other Questions. - Teorainn na Gaeltachta

12. D'fhiafraigh Mr. Crawford den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici athrú ar bith a thabhairt isteach i leith theorainneacha na nGaeltachtaí mar atá faoi láthair, ag éirí as líon na ndaoine atá ag baint úsáide as an teanga faoi láthair; agus an bhfuil Gaeltacht ar bith ann a mbeadh meadú teorann i gceist inti agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [14705/99]

Éamon Ó Cuív: Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 13 den 29 Aibreán nuair a dúirt mé nach raibh sé ar intinn agam teorainneacha na Gaeltachta a athrú faoi láthair. Níl aon rud le cur agam leis an bhfreagra sin ag an bpointe seo.

Mr. Kenny: Ag dul timpeall na Gaeltachta, tá sé soiléir go bhfuil cuid mhaith de nach bhfuil Gaeilge ar bith ann. Aontaím go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge nádúrtha, líofa á labhairt sna Gaeltachtaí sa treo is go mbeidh fréamhacha na teanga le foghlaim ag daoine eile.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit rud ar bith a dhéanamh faoi chathair na Gaillimhe áit a bhfuil méadú as gach teorann agus na mílte daoine taobh istigh de theorainn na Gaeltachta agus gan Gaeilge ar bith acu?

Cathain a rinneadh an leathnú is deireanaí i nGaeltacht ar bith sa tír?

Éamon Ó Cuív: Táim tar éis a mhíniú go minic – an uair dheiridh le hagallamh nuachtáin inné [80] – céard atá i gceist agam a dhéanamh. Tá mé tar éis a iarraidh ar an Oifig Staidreamh eolas cruinn a chur ar fáil maidir le húsáid laethúil na Gaeilge. Nuair a bheidh an t-eolas agus na mapaí ar fáil don tír ar fad, foilseofar iad.

Bunaithe ar sin, leagfar amach critéir teangeolaíochta don Ghaeltacht, don chéad uair. Ina dhiaidh sin, rachfar chuig na pobail agus tabharfar na roghanna dóibh. Má theastaíonn uathu dul bealach na Gaeltachta déanfar pleanáil teangan sa phobal sin agus ansin déarfar leo go gcaithfidh siad sprioc áirithe a shroichint laistigh d'achar réasúnta ama agus muna sroicheann go gcuirfear an pobal taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an próiseas thar a bheith soiléir.

Nílim sásta daoine a chaitheamh amach gan fógra bunaithe ar an eolas atá againn faoi láthair. Tá mé chun seans a thabhairt do na pobail cinneadh a dhéanamh agus pleanáil teangan a chur i bhfeidhm. Cinneadh bunaithe ar spriocanna teangeolaíochta a bheas soiléir agus intuigthe atá i gceist agam do na pobail Ghaeltachta.

Maidir leis an teorannú deiridh, níl an t-eolas beacht agam agus sna seachtóidí nó ag deireadh na seascaidí tugadh aitheantas do Ghaeltacht na Mí do chéad uair agus d'éírigh thar cinn leis an nGaeltacht sin.

Mr. O'Shea: Aontaím leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit nuair a deir sé go leagfar síos spriocanna teangeolaíochta. Na ceantair sin ar imeall na Gaeltachta, a bhfuil amhras ann futhu, an bhfuil sé i gceist tacaíocht a thabhairt do na ceantair sin teacht suas go dtí an caighdeán a bheidh á lorg?

Éamon Ó Cuív: Tá. Má tá siad faoin gcaighdeán a chaithfeadh a bheith ann le go dtabharfar aitheantas do phobal i láthair na huaire, tabharfar cúnamh dóibh i gcomhairle leis na pobail. Ach muna dteastaíonn le pobal a bheith éagsúil ó thaobh na teangan de, níl aon bhunús leis go fadtéarmach go mbeadh stádas Gaeltachta acu. Ó tharla anois go bhfuil an mheicníocht ann anois chun an rud a thomhas tríd na daonáirimh beidh sé i bhfad níos éascaí tabhairt faoin rud ar bhealach tomhaiste, meáite, cinnte, dearfa.

Is é an trua é nár tugadh faoi mar seo go dtí seo. Níl sé sásta é a dhéanamh trí fhógra a chur sa pháipéar; caithfear seans a thabhairt do gach pobal mar atá sé.

Mr. D. Carey: Tá an tAire Stáit ag déanamh staidéir ar an gceist seo. An bhfuil comhairle á glacadh aige ó éinne i dtaca leis? Comhairle ó na hollscoileanna nó ó mhuintir na Gaeltachta.

Éamon Ó Cuív: Maidir leis na staidrimh, tá mé tar éis an-chúnamh a fháil ón Oifig Staidreamh maidir leis na figiúirí. Tá sé éasca iad sin a fháíl. Maidir leis an bpleanáil teanga, tá mo Roinn i gcomhar le Coláiste na hOllscoile i nGaillimh agus le hÚdarás na Gaeltachta. Tá roinnt mhaith oibre déanta cheana féin agus tá mé ag súil le [81] moltaí go luath. Tá réamhpháipéirí feicthe agam agus beimid ag déanamh páirtnéireacht leis na daoine a bhfuil rud éigin le tairiscint acu sa ghnó seo. Is i gcuideachta mar sin a bheas muid ag obair.

Teastaíonn uaim dul ag obair ar an talamh láithreach agus mar sin níl sé i gceist agam córas mór comharliúcháin oifigiúil a bhunú a mbeimis ag fanacht dhá bhliain air le toradh. Tá an taighde agus an obair ag dul ar aghaidh in éineacht i dteannta leis na pobail. Cuid den taighde, is obair a bheas ann. Tá saineolaithe ag obair linn agus beidh saineolas ar fáil againn.