![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 492 - 18 June, 1998 Written Answers. - Bád Seoil an Asgard. Mr. Browne (Carlow/Kilkenny) Mr. Browne (Carlow/Kilkenny) 80. D'fhiafraigh Mr. Browne (Carlow/Kilkenny) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoi pholasaí na Roinne i leith bhád seoil an Asgard atá faoi láthair taobh istigh de Mhúsaem Chill Mhaighneann; céard atá i ndán di agus í i seilbh Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus na Sealúchas Stairiúil; agus cá mhéad airgid a chaithfear uirthi i mbliana. [14507/98] Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera) Síle de Valera 1382 Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera): Gach rud san áireamh, bheinn i bhfábhar an tAsgard a chaomhnú agus a chur ar taispeántas i láthair stairiúil cuí. Tagann an dearcadh seo ó aicmiú an bháid mar shéadchomhartha seandálaíochta, óna luach intreach stairiúil, agus ón ngannchuid bád den chineál deartha tábhachtach seo. Tá réamh-phleananna á ullmhú ag Dúchas, The Heritage Service chun na hoibreacha riachtanacha caomhnaithe a dhéanamh sa chás, agus tá thart ar £10,000 caite go dáta ag mo Roinn ina leith. Tá achainí déanta, áfach, ag páirtithe a bhfuil suim acu an bád a chaomhnú [1382] mar bhád lán-fheidhmiúil don fharraige. Tá sé seo á phlé faoi láthair idir an Roinn Cosanta, mo Roinnse agus na páirtithe i gceist chun a chinntiú an mbeadh an rogha seo inghlactha i gcás séadchomhartha oidhreachta chomh tábhachtach leis seo. Dáil Éireann 492 Written Answers. Bád Seoil an Asgard. Questions 19980618
| ||||||||||||||||||||||