![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 492 - 18 June, 1998 Written Answers. - Plean Náisiúnta Oidhreachta. Mrs. Barnes Mrs. Barnes 18. D'fhiafraigh Mrs. Barnes den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ag éirí as an bhfreagra a thug sí don Dáil ar Cheisteanna Parlaiminteacha 8 agus 34 ar 5 Feabhra, 1998, an ndéarfaidh sí cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn féin chun plean náisiúnta oidhreachta a chur ar fáil; cé hiad na hoifigigh agus cé mhéad oifigeach sa Roinn atá ag déileáil leis seo; cé na daoine a raibh cruinnithe leo go dtí seo agus cé mhéad cruinnithe a bhí acu faoin bplean agus cathain a fhoilseofar an plean; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14476/98] Proinsias De Rossa Proinsias De Rossa 42. Proinsias De Rossa asked the Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands the progress, if any, made with regard to the preparation of a national heritage plan; and if she will make a statement on the matter. [14547/98] Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera) Síle de Valera Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 18 agus Uimh. 42 le chéile. 1357 Bhunaigh mé Grúpa Stiúrtha taobh istigh de mo Roinnse chun moltaí a thabhairt dom i dtaobh téarmaí tagartha, modh oibre, agus an tréimhse a bheadh ag teastáil chun Plean Náisiúnta Oidhreachta a réiteach. Tá Rúnaí Cúnta ina Chathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha agus i measc na mball tá Stiúrthóirí Ceannasaithe Rannóg na nUiscebhealaí; Rannóg na Séadchomharthaí agus Maoin Stairiúil; Rannóg na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra; agus Rannóg Seirbhísí Oideachais agus Cuairteoirí de chuid Dúchas The Heritage Service; mar aon le Príomhoifigeach [1357] agus Príomhoifigeach Cúnta ón Rannóg Polasaí agus Reachtaíocht Oidhreachta. Bhí roinnt cruinnithe ag an nGrúpa seo agus ag fo-choiste dá chuid agus tuigim go mbeidh cur faoi bhráid á sheoladh chugam ón nGrúpa go luath. Cuireadh an chéad chuid d'obair an Ghrúpa Stiúrtha i gcrích laistigh de mo Roinn féin agus i gcomhairle leis an gComhairle Oidhreachta. Tá sé ar intinn agam, áfach, go gcuifear próiseas ar bun chun comhairle a ghlacadh go forleathan tar éis do mholtaí an Ghrúpa Stiúrtha a bheith faighte. Dáil Éireann 492 Written Answers. Plean Náisiúnta Oidhreachta. Questions 19980618
| ||||||||||||||||||||||