![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 472 - 04 December, 1996 Written Answers. - Coláiste Gaeilge Samhraidh. Mr. Molloy Mr. Molloy 100. D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ndéarfaidh sé cén fáth a bhfuil moill ar chinneadh a dhéanamh ar na moltaí a cuireadh os a chomhair ag an ghrúpa oibre a bunaíodh anuraidh le athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23547/96] Mr. Molloy Mr. Molloy 932 103. D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist an tuarascáil ón ghrúpa oibre a rinne athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na [932] Coláistí Gaeilge Samhraidh a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23550/96] Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé na Ceisteanna Uimh. 100 agus Uimh. 103 le chéile. Mar a thug mé le fios don Teachta mar fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 108 ar 12 Samhain 1996 tá an t-athbhreithniú críochnaithe le tamall, agus tá tuarascáil chuimsitheach le moltaí an ghrúpa athbhreithnithe á scrúdú ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais faoi láthair. Tá go leor moltaí i gceist, agus tá sé tábhachtach go ndéanfar iad a mheas go cúramach sula ndéanfar cinneadh futhu. Nuair a bheidh an próiséas sin críochnaithe ag an dá Roinn déanfar socruithe chun an tuarascáil a fhoilsiú. Ba mhaith liom a rá, áfach, gur ar éigean go gcuirfear aon moltai i bhfeidm roimh 1998. Dáil Éireann 472 Written Answers. Coláiste Gaeilge Samhraidh. Questions 19961204
| ||||||||||||||||||||||