![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 444 - 22 June, 1994 Written Answers. - Coláistí Oiliúna Múinteoirí. Mr. McGinley Mr. McGinley 70. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an mbeidh céatadán áirithe d'áiteanna sna Coláistí Oiliúna Múinteoirí curtha in áirithe do dhaltaí Gaeltachta i mbliana mar a bhí anuraidh. Minister for Education (Ms Bhreathnach) Niamh Bhreathnach Minister for Education (Ms Bhreathnach): Cuirfear deich faoin gcéad de na háiteanna sna Coláistí Oideachais do bhunmhúinteoirí i leataobh le haghaidh iarrthóirí ón nGaeltacht arís i mbliana; tagann an socrú seo faoin bhforáil speisialta atá i bhfeidhm le roinnt mhaith blianta anois. Ós rud é nach bhfuil an líon iomlán iontrála socraithe go fóill, áfach, ní féidir liom a rá ag an am seo cé mhéid áiteanna a bheidh i gceist. Dáil Éireann 444 Written Answers. Coláistí Oiliúna Múinteoirí. Questions 19940622
| ||||||||||||||||||||||