Dáil Éireann - Volume 345 - 09 November, 1983

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Kincasslagh (County Donegal) Landing Facilities.

13. Mr. P. Gallagher asked the Minister for the Gaeltacht if it is intended to improve landing facilities at Kincasslagh, County Donegal.

[1833] Mr. O'Toole: Níl feabhsúcháin beartaithe faoi láthair san áit sin.

Mr. P. Gallagher: Ar chuir an tAire fiosruchán ar bun maidir leis an gcé seo?

Mr. O'Toole: Cuireadh agus is é an t-eolas a tháinig ar ais ná nach raibh an áit seo ach ceithre mhíle ó Ailt an Chorráin, áit a bhfuil áis le haghaidh bháid agus go bhfuil cé ansin. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom a chur ina luí ar an dTeachta nach í an Ghaeilge gnáth-theanga an cheantair sin. Níl fairsingeacht ar bith le forbairt a dhéanamh. Sin iad cúiseanna ar leith nár bhfiú forbairt a dhéanamh sa cheantar.

Mr. P. Gallagher: An bhfuil a fhios ag an Aire nach féidir báid a thabhairt go dtí Ailt an Chorráin faoi láthair ach gur féidir báid a thabhairt isteach i Ceann Casla, go bhfuil ceist ann maidir leis an dredging? Muna bhfuiltear in ann airgead a chur ar fáil le haghaidh Ceann Casla, an féidir airgead a chur ar fáil le haghaidh Ailt a'Chorrain?

Mr. O'Toole: Tá deacrachtaí faoi leith mar atá a fhios ag an Teachta, agus mar atá a fhios ag an Aire, agus mar adúirt mé leis go pearsanta. Tá ceist Ailt a'Chorráin á phlé faoi láthair. Beidh mé i dteangmháil leis an Teachta faoi nuair a bheidh Meastachán na bliana seo rite.

Mr. P. Gallagher: An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil siad ábalta teacht isteach?

Mr. O'Toole: Níl a fhios agam.