Dáil Éireann - Volume 332 - 26 January, 1982

Díospóireacht ar an Athló. - Údarás na Gaeltachta.

[183] Mrs. Geoghegan-Quinn: Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Cheann Comhairle as ucht cead a bheith faighte agam an cheist mhór seo a ardú sa Dáil. Oiche Dé hAoine seo caite forgraíodh go mbeadh fiosrúchán bunaithe i dtaobh Údarás na Gaeltachta. Mar a dúradh sa ráiteas a chuireadh amach sna nuachtáin, “there will be an inquiry into the constitution and operation of Údarás na Gaeltachta”. Silim gurb i seo an chéad uair ó bunaíodh an Stát gur thug Rialtas dualgas den sórt seo i dtaobh fiosrucháin mar seo. Tá a lán de na boird faoi láthair ag cailliúint airgid ach ni fheicim go bhfuil an Comhrialtas ag súil fiosrúcháin a chur ar bun iontu sin.

Is údar mór imní an tslí in ar fograíodh an fiosruchán seo. Níor tugadh aon réamh-eolas do Roinn na Gaeltachta, don Chathaoirleach nó do Bhord Údaras na Gaeltachta. Dúirt Aire na Gaeltachta é féin aréir ar Radio na Gaeltachta, agus mé ag éisteacht leis, nár chuir sé féin aon mholadh den tsórt seo os comhair an Rialtais, agus cé gur cinneadh Rialtais atá ann, dúirt sé nach raibh aon bhaint phearsanta aige féin leis an gcinneadh sin: “Cinneadh Ríaltais,” a deir sé, “Ní haon rud pearsanta ó mo thaobhsa é. Ní mise a rinne an cinneadh.”

Bhí a leithéid de rud ann nuair a bhí Fianna Fáil in oifig faoi fhreagracht agus mar gheall ar an chinneadh seo. Tá an fhreagracht chéanna ar an Aire agus atá ar na baill eile den Rialtas. Tá amhras orm le fada faoin chaoi a bhfuil an Comhrialtas seo ag dul i mbun obair an Rialtais, ach is cinnte nach bhféadfaí cinneadh den tsórt seo a ghlacadh gan treoir ó dhuine éigin in áit éigin chun comhairle a ghlacadh leis an Aire a bhfuil priomhfhreagracht aige i dtaobh an Údaráis ó thús. Nach bhfuil sé fíor mar sin a rá go bhfuil baint dhíreach ag an Aire le cinneadh an Rialtais?

I dtaobh an fhocail “fiosrúchán”: cén cineál fiosrucháin? Cé bhéas ina bhun? An oifigigh na Roinne Airgeadais a bhéas ina bhun, nó oifigigh de Ranna éagsúla? An mbeidh baint ag an Ard-Aighne leis? [184] An bhfuil na baill ainmnithe go fóill ag an Rialtas? An í sraith eile de Fhine Gael a bheas ina bhun? Cad iad na cumhachtaí a bheas ag an fhiosrúchán seo? Cé thabharfas fianaise? An mbeidh sé faoi mhóid, an mbeidh sé faoi rún? An mbeidh deis ag na hiriseoirí áitiúla agus náisiúnta a bheith istigh ag an fhiosrúchán? Cad iad na téarmaí tagartha a leagfar síos don fhiosrúchán seo? An bhfuil dáta socraithe ag an Rialtas nó ag an Aire tús a chur leis an fhiosrúchán, agus má tá, an bhfuil dáta eile socraithe crioch a chur leis an fhiosrúchán?

Ceist mhór i ceist na polaitíochta. Is é cúl-chaint i gceann de na páipéir Dhomhnaigh a chuir tús leis an gcaint seo ar fad faoi fhiosrúchán. Aire soisialach de chuid an Rialtais seo atá anois sa Roinn Sláinte a tharraing agóid faoi chúrsaí talún i ndeisceart na tíre. Cén chúis a bhí ag an Teachta sin an agóid i dtaobh cúrsaí talún a tharraingt suas? An raibh aon talamh eile le díol nó le ceannach sa cheantair seachas an talamh a cheannaíodh?

An dara huair gur chualamar go leor cainte faoi fhiosrúchán ná nuair a labhair maor na Gaillimhe, an teachta Ó hUigín, ball den Lucht Oibre in agallamh i gceann de na páipéir sheactainiúla Gaeilge i dtaobh, mar a deir sé, caimiléireacht san Údarás. Chuir sé i leith an Údaráis de réir an agallaimh sin go raibh caimiléireacht ar bun san Údarás. D'fhiafraigh mise den Aire ag an am nuair a bhí an díospoireacht ar an Meastachán forlíontach anseo an mbréagnódh sé an t-alt sin. Níl a fhios agam an ndearna nó nach ndearna ach má rinne sé ní bhfuair sé aon phoiblíocht.

An triú huair a chualamar caint faoin fhiosrúchán ná nuair a labhair Aire eile sóisialach agus nuair a d'iarr sé ní amháin fiosrúchán ach fiosrúchán poiblí. Ní hé amháin go ndearna sé caint faoi ach deimhnigh sé go raibh fiosrúchán le bheith ann. Sin seachtain ó shin ach ní raibh tásc ná tuairisc uaidh go dtí an lá inniu. Bhi alt i bpaipéar nach bhfuil aon aitheantas air sa tír seo, ach creidim gurb i an t-alt sin a chuir tús leis an gcaint ar fad. An bhfuil sé ceart go gcreideann an Comhrialtas atá ann faoi láthair, chuile fhocal a scríobhtar sna páipéir? An mar [185] gheall ar sin atá fiosrúchán le bheith ann anois?

Céard tá curtha i leith an Údaráis. De réir na bpáipéar is é agóid talún, amhras go rachadh airgead amú. Má tá se sin fíor, agus má chreideann an Rialtas agus an tAire go bhfuil, nach gnó don Gharda Síochána é? Nach iad ba chóir fiosrú a dhéanamh faoi aon cheist airgid a chur amú?

Mr. Flynn: Sin mar ba chóir.

Mrs. Geogheagan-Quinn: Sin mar a tharlaíonn in aon Aireacht Stáit eile. Deireann polaiteoirí éigin gur Údarás le Fianna Fáil atá ann. Tá seachtar den Údarás tofa ag muintir na Gaeltachta. Tá 13 baill san Údarás. Toghadh na seachtar go daonfhlathach ag pobal na Gaeltachta. Thug an Teachta Donncha Ó Gallchobhair cinneadh, agus thug an Rialtas an cinneadh, nach mbeadh cead ag aon iarrthóir a bheadh ag dul os comhair pobal na Gaeltachta ainm aon pháirtí polaitíochta a chur i ndiaidh a ainm sa phaipéar toghcháin. Deineadh é sin d'aon gnó i gcaoi nach bhféadfadh aon duine a rá go raibh cúrsaí polaitíochta i gceist agus creidimse go bhfuil a gcúrsaí gnótha déanta ag Bord Udarás na Gaeltachta ar bhonn neamh-pholaitiúil ó shin i leith. B'fhéidir gur athraíodh é sin ó tháinig an Comhrialtas i gcumhacht.

Tá seachtar ball tofa, mar adúirt mé, triúr acu sin is de chuid Pháirtí Fhianna Fáil iad. Tá seisear de na baill ainmnithe. Gabhaimid síos trid an seisear go bhfeicfimid cioca atá ina mball de Fhianna Fáil. Duine amháin acu, agus abróidh mé féin é, gur cheap mise é ar bhun gur sheas sé le pobal Gaeltachta ná raibh aon fheisíre acu ar an Údarás féin, ball a sheas thar ceann Fhianna Fáil i gceantar Ghaeltacht Chorcaigh. Sin ceathrar atá in a mball de Fhianna Fáil as triúr déag.

Tá duine amháin ainmnithe thar ceann na n-oibrithe atá fostaithe ag an Údarás ar fud na Gaeltachta ar fad, fear thar ceann an Transport and General Workers Union, fear pearsanach, agus ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine a rá gur ball de pháirtí Fhianna Fáil é sin. Tá fear eile ainmnithe thar ceann an Údarás Forbartha [186] Tionscail. Níor chuir mise aon cheist air ar bhain sé le páirtí Fhianna Fáil. An fear atá mar chathaoirleach ar an Údarás, is bainisteoir chontae é, as an gcontae len a mbaineann an tAire é féin. Tá mé cinnte go n-aontódh an tAire liom nach dtéann sé i mbun a chuid cúrsaí bainisteoireachta contae ar bhun polaitiúil. Níl fágtha ach Rúnaí Roinn na Gaeltachta. Ta seisean ann thar ceann Roinn na Gaeltachta lena chinntiú go dtuigeann an tÚdarás, go dtuigeann an Roinn, an gnó atá acu thar ceann dul chun cinn agus forbairt na Gaeltachta. Ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine a rá gur fear é Rúnaí Roinn na Gaeltachta—agus tá sé i láthair anseo sa Teach anocht — a chaitheann a shaol ag plé le polaitíocht aon pháirtí polaitíochta. Tá triúr déag ar an Údarás. As an méid sin níl ach ceathrar a bhfuil polasaí Fhianna Fáil acu. Ní sheasann sé sin suas.

Anois, cé tá cúisithe? Tá ar dtús comhaltaí Bhoird an Údarais fhéin. Tá na comhaltaí atá ainmnithe cúisithe. Tá na comhaltaí tofa agus mar gheall gur toghadh iad sin go daonlathach ag pobal na Gaeltachta, chuaigh siad amach, vótáil siad agus thogh siad iad ar Údarás dhaonlathach Gaeltachta. Mar gheall ar sin, tá pobal na Gaeltachta féin cúisithe. Cé eile atá cúisithe? Creidimse go bhfuil príomh-fheidhmeannach na heagraíochta cúisithe, mar is eisean atá freagrach as polasaí an bhoird a chur chun cinn taobh istigh den eagraíocht féin agus a chinntiú go mbeidh na feidhmeannaigh agus iad siúd ar fad atá ag obair laistigh den Udarás ag dul ar aghaidh ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeltachta agus le polasaí an bhoird a cur i gcrích. Ar deireadh, tá siad siúd ar fad atá ag obair taobh istigh den Údarás féin sa gceann áras sna Forbacha cúisithe. Céard atá curtha ina leith? Níl a fhios againn mar níl aon eolas tugtha dúinn ag an Rialtas fós. Mar adúirt mé, tá bord an Údaráis, na baill tofa, na baill ainmnithe agus feidhmeannaigh agus oibrithe an Údaráis cúisithe.

Cuirfidh sé sin lag-mhisneach, orthu siúd atá fostaithe in ard oifig an Údaráis sna Forbacha. Chonaic mise i gcaitheamh na deireadh seachtaine ó fógraíodh é seo san oíche Dé hAoine seo caite an lag-mhisneach [187] atá curtha aige, ní hé amháin orthu siúd atá ag obair go díreach istigh san Údarás ach an lag-mhisneach atá curtha aige orthu siúd atá ag obair sna tionscail ar fud na Gaeltachta, orthu siúd a raibh aon bhaint acu i mblianta a chuaigh thart nó a bhfuil baint acu faoi láthair leis an Údarás. Tá lag-mhisneach orthu siúd. Caithfear an t-aer a ghlanadh agus má chreideann an Rialtas go bhfuil caimiléireacht ar siúl, dá thúisce mar sin a thosóidh an fiosrúchán anois isea is fearr é.

Cén dochar atá déanta ag fógairt an fhiosruithe seo? Ar dtús creidimse agus creidim go gcreideann an tAire freisin é, go bhfuil an t-uafás dochair déanta aige don chomhoibriú agus do na baill atá idir Údarás na Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta go ginearálta. Tá dochar déanta aige do na tograí fiúntacha a bhfuil ag eirí leo agus a bhfuil beagnach ceithre mhíle duine fostaithe iontu ar fud na Gaeltachta. Níos measa ná sin, tá amhras cothaithe ag fógairt an fhiosruithe seo in intinn aon tionscloir atá faoi láthair i mbun comhráití no atá ag plé leis an Údarás faoi láthair le tionscal a bhunú sa Ghaeltacht amach anseo agus fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Tá amhras cothaithe aige freisin i measc an lucht airgeadais a chuireann airgead i bhfoirm iocaíochtaí, i bhfoirm iasachtaí ó na bainc mhóra nó aon fhoinse airgeadais eile sa tír.

Nuair a bhí mise mar Aire na Gaeltachta, shocraigh an bord ag an am go ndéanfaimis athbhreithniú ar an gcomórtas forbartha pobail. Labhair mise agus príomh-fheidhmeannach an Údaráis le tionsclóirí móra na tíre seo agus d'iarramar orthu teacht isteach agus tacadh le Údarás na Gaeltachta, tacadh le dul chun cinn pobail bheaga anseo is ansúid ar fud Gaeltachtaí na tíre, agus níl aon dabht ná iad siúd atá ag cur airgid ar fáil do chomórtas forbartha pobail ná gurb iad sin tionsclóirí móra na tíre seo. An bhfuil an tAire in ann a rá an leanfar leis an cineál sin airgeadadh i mbliana nó an chéad bhliain eile. Ní dóigh liomsa go bhféadfadh aon tionsclóir mór geallúint a thabhairt anois go bhféadfadh seisean leanúint ar aghaidh nuair atá airgead cothaithe [188] ag an Rialtas ins an eagraíocht ina bhfuil sé féin.

Tá sé ráite ag polaiteoirí ar an dtaobh sin den Teach gur cuireadh airgead an Údaráis amú i mblianta a chuaigh thart. Tá sé ráite gur cuireadh airgead isteach i dtionscail go raibh sé chomh maith a chur i bpoll. Aontóidh chuile dhuine gur cuireadh airgead i dtionscail nár éirigh leo ar chúis amháin nó ar chúis eile, ach creidimse má rinne an tÚdarás tada ó chuaigh siad i gcumhacht gur thógadar cinneadh láidir, cinneadh misniúil dhá bhliain go leith ó shin nó mar sin nuair a shocraíodar deireadh a chur leis an gcineál sin tionscail, tionscail nach raibh aon tsúil acu go n-eireodh leis amach anseo. Creidim gur cinneadh misniúil é sin do dhaoine a bhí tofa go daonlathach ag pobal na Gaeltachta agus ar chuir sé isteach go mór orthu féin go pearsanta b'fhéidir ina gceantair féin dá gcuirfí deireadh leo siúd.

Nuair a thógadar cinneadh misniúil den tsórt sin, sílimse gur cheart go dtabharfaidh an Rialtas seans dóibh dul i mbun a ngnótha agus má tá tuilleadh de na tionscail seo ar fud na Gaeltachta anseo is ansúd go mbeadh deis acu an cinneadh céanna a thógáil ina leith siúd.

Nuair a bhí mise mar Aire Gaeltachta bhí me géar go minic ar Údarás na Gaeltachta. Bhí mé géar go pearsanta, go priomháideach agus bhí mé géar go poiblí. Mar urlabhraí Ghaeltachta sa bhFreasúra thug mé agallamh do Radio na Gaeltachta tá trí seachtaine ó shin inar dhúirt mé go raibh fadhbanna leis an Údarás. Bhí mé géar ach creidim go raibh mé dearfa agus creidim go bhfuil sé fiorthábhachtach ar mhaithe leis an Údarás agus ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeltachta go mbeadh aon duine, aon pholaiteoir, is cuma ar urlabhraí nó Aire atá i gceist, géar chun maitheasa na heagraíochta, chun maitheasa na Gaeltachta, chun maitheasa na tíre, sa deireadh thiar, go mbeimís géar, go mbeimís criticiuil ach go mbeimís freisin dearfa.

An rud is mó a chuireann alltacht ormsa faoin bhfiosrúchán seo ná an tslí inar fógraíodh é. Níl a fhios agam ar fhógair Rialtas ar bith sa tir seo cinneadh chomh tábhachtach leis an gcineál seo in abairt amháin no i ndá abairt, rud a thuig [189] na paipéir agus na meáin chumarsáide go ginearálta. An rud a fheicimse atá ag tarlú ná rud ar bith a thagann chomh fada leis an tSionainn go gcuirtear stop le haon airgead d'aon áit atá taobh thiar de sin agus go bhfoire Dia ar an Aire, mar tá cosúlacht ar an Aire le breathnú air go bhfuil an-deacrachtaí aige sa Rialtas faoi láthair.

Cuireann sé alltacht orm freisin nuair atá cinneadh le tógáil, is cuma an cinneadh misniúil é, nó cinneadh ceart nó cinneadh mí-cheart, nach é an ComhRialtas a fhógraíonn é ach gur Aire soisialach nach bhfuil ina bhall den Rialtas ar chor ar bith a fhógraíonn an cinneadh seo. Tharla sé i gcás roinnt rudaí eile in iarthar na hÉireann cheana. Tharla sé i gcás cursaí cánach. Tá sé ag tarlú anois gur Aire soisialach a d'fógair an fiosrúchán seo tá seachtain ó shin ann, agus cuireann sé i gceist an bhfuil níos mó cumhachta ag Aire sóisialach nach bhfuil ina bhall den Rialtas ná mar atá ag Aire Rialtais sinsireach a bhíonn istigh ag cruinnithe an Rialtais.

B'fhéidir go raibh sé soiléir nuair a tháinig na Meastacháin amach go raibh rud éigin ag tarlú do Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhreathnaíonn tú ar chúrsaí meastacháin an Údaráis don bhliain seo, feiceann tú ar a bpointe go bhfuil gearradh siar ar mheastacháin chaipitil 37 faoin gcéad seachas mar a bhí anuraidh. Ciallaíonn sé sin go soiléir nach mbeidh deis ag an Údarás, nach mbeadh an t-airgead acu, dul ar aghaidh le monarchana a thógáil, nó na monarchana atá a dtógáil faoi láthair ní bheidh deis acu iad a chríochnú. Má bhreathnaíonn tú ar na meastacháin iomlán do Údarás na Gaeltachta feicfidh tú go bhfuil ciorrú 23.5 faoin gcéad agus ní thógann sé sin an ráta boilscithe ag an am i gceist ar chor ar bith. Má chuireann tú é sin leis, tá sé suas go dtí 40 faoin gcéad. Mar sin, b'fhéidir gur cheart go mbeimís ag súil go mbeadh cinneadh den tsórt sin á thógáil ag an Rialtas atá ann faoi láthair.

Feicimse gur red herring atá sa fógra ar fad. Feicim dáiríre, nuair a labhraíonn an Rialtas faoi bhunreacht, is cuma an bunreacht le, mar a dúirt an tAire aréir, caipiteal C nó c beag atá i gceist, feicim gurb é an bunús atá leis ná go gcreideann [190] an Rialtas seo gur cheart deireadh a chur le Údarás na Gaeltachta. Más fiór é sin, is céim siar é ní hé amháin don Ghaeltacht ná do phobal na Gaeltachta ach don tír ar fad. Beidh suim agam san méid a bheidh le rá ag an Aire mar ní dúirt sé tada san agallamh a thug sé aréir.

Aire na Gaeltachta (Mr. O'Toole): Idir elefaint bhána agus scadáin dhearga níl a fhios agam céard is féidir a rá ag an bpointe seo.

(Cur isteach.)

Mr. O'Toole: Pavlov agus a mhadraí chomh mhaith. Tá dul amú mór ar an Teachta in a lán rudaí a dúirt sí. I dtosach, níor fhógair an Rialtas go raibh fiosrúchán le bheith ann. Bhí ráflaí ar pháipéir nuachta an tseachtain seo caite. I ngeall ar na ráflaí sin, cuireadh ceist ar Oifig an Rialtais an raibh sé fíor, an raibh sé i gceist fiosruchán a bheith ann agus — níl sé de nós agamsa nó ag an Rialtas bréaga a insint — tugadh an t-eolas go raibh sé ar intinn ag an Rialtas fiosruchán a chur ar bun.

Is mar fhreagra ar cheist ó na meáin chumarsáide a tugadh an tuairisc, agus is é an fáth nár dearnadh ráiteas, nár tugadh an t-eolas agus nach dtabharfaí an t-eolas ach amháin mar fhreagra ar cheist dhíreach, is é an fáth go raibh an t-eolas coinnithe siar go dtí seo agus go gcoinneofaí siar é ar feadh tamaill eile ná go mbeadh rudaí socraithe maidir le foireann a fhiosraithe i dtosach agus téarmaí tagartha an fhiosraithe agus cén saghas daoine a dhéanfadh an fiosrú. Níor socraíodh aon cheann des na nithe sin agus sin é an fáth nach ndearnadh tagairt dó i ráiteas nó ar bhealach ar bith eile go dtí seo.

Dúirt an Teachta go ndearna Aire Stáit i ráiteas ag tabhairt le fios go mbeadh a leithéid ann. Ní dúirt an tAire Stáit a leithéid. Is é a dúirt sé ná an méid a bhí ar eolas aige siúd — agus sin ceist dó siúd — faoi chúrsaí an Údaráis, go mba cheart go mbeadh fiosrú ann agus go ndéanfadh seisean iarratas le fiosrú a fháil. Níor fhógair sé fiosrú mar ní raibh a fhios aige féin ag an am go raibh a leithéid ar na cártaí.

[191] Ba mhaith liom chomh maith rud eile a dúirt an tAire a bhréagnú. Tá sí ag tabhairt le tuiscint——

Mrs. Geoghegan-Quinn: Ní mise an tAire.

(Cur isteach.)

Mr. O'Toole: Ba mhaith liom a rá leis an Teachta chomh maith nach i ngeall ar ráflaí ar pháipéir nuachta nó ar radio nó teilifís a tháinig mé ar an chinneadh seo. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta gur deineadh an cinneadh seo chomh fada siar leis an 8 Nollaig. Is é an fáth gur tháinig an Rialtas ar an chinneadh seo ná go raibh suimeanna móra airgid á íoc ag Údarás na Gaeltachta le comhlachtaí a bhí i dtrioblóid. Is é an cinneadh a rinneadh ag an am ná go mba cheart breathnú isteach i gcursaí an Udaráis ar fad chun a fháil amach cén chaoi a d'fhéadfadh an Rialtas cabhrú leis an Údarás ina gcuid oibre agus cén chaoi is fearr a dfhéadfaí airgead a chaitheamh ar thógraí sa Ghaeltacht ionas go mbeadh teacht isteach acu agus go mbeadh luach ar fáil ar an airgead a chaithfí.

Mrs. Geoghegan-Quinn: Mar sin, is mór-fhiosrú atá i gceist ag an Aire i ngnóthaí an Údaráis ar íad. Ní agóid talún atá i gceist?

Mr. O'Toole: Níl tada le déanamh aige le talamh ná le haon tógra faoi leith. Ba mhaith liom a rá freisin go ndearnadh an Teachta iarracht rud polaitiúil a dhéanamh de seo. Chonaic mé ráiteas ar na paipéir nuachta le ceathair nó cúig de laethanta, Fianna Fáil ag rá i gceann acu gurb iad Fine Gael a rinne “Fianna Fáil bashing” ar chomhaltaí an Údaráis. Níl rud polaitiúil ar bith i gceist anseo. Is é atá i gceist ná go bhfuil airgead poiblí á chaitheamh, go bhfuil sé de dhualgas ar an Rialtas chomh maith leis an Údarás cinntiú chomh fada agus is féidir go gcaithfear an t-airgead sin ar bhonn cheart agus go n-iarrfar teacht isteach as, mar airgead poiblí atá i gceist.

[192] Mrs. Geoghegan-Quinn: Baineann sé sin le chuile eagras Stáit.

Mr. O'Toole: Níl baint agamsa, mar atá a fhios ag an Teachta, le chuile eagras Stáit. Tá mo dhothain le déanamh agam——

(Cur isteach.)

An Leas-Cheann Comhairle: Ba cheart ligint don Aire leanúint ar aghaidh gan cur isteach.

Mr. O'Toole: Lig mé leithi dul ar aghaidh le gach seafóid. Rinne an Teachta tagairt chomh maith do agallamh a rinne sí le Radio na Gaeltachta mí ó shin. “Agallamh na Seachtaine” an t-ainm atá ar an gclár agus rinne sí é sin ar an 30 Nollaig. Chuala mé go raibh an Teachta chomh-criticiúil ar an ocáid sin go bhfuair sí litir ón bPríomh Fheidhmeannach ag rá léi na rudaí a dúirt sí a tharraingt siar nó iad a chruthú.

Mrs. Geoghegan-Quinn: Is bréag é sin.

Mr. O'Toole: Má tá an Teachta sásta a rá gur bréag é, glacaim leis. Dúradh é sin liom. Tá áthas orm nach bhfuil sé fíor.

Mrs. Geoghegan-Quinn: D'iarr sé orm aon phointí a bhí agam faoi a chur in a láthair.

Mr. O'Toole: Fuair tú litir?

Mrs. Geoghegan-Quinn: Fuair mé. Níor iarradh orm aon rud a tharraing siar.

Mr. O'Toole: Ba mhaith liom a rá go ndúirt an Teachta ar an chlár sin go raibh sí an mí-shásta leis an chaoi go raibh postanna á líonadh ar an Údarás agus go raibh costas na bpostanna sin suas le £4,000 an ceann agus chuir sí i gcomparáid le postanna a bhí á gcur ar fáil ag an IDA a bhí, mar a dúirt sí, idir £7,000 agus £20,000.

Dúirt an Teachta ar an gclár chéanna nach raibh a fhios aici cad a bhí á dhéanamh ag an Údarás ar na comhlachtaí [193] a thabhairt isteach agus go raibh náire uirthi a bheith ag dul isteach ag an Rialtas lá i ndiaidh lae ag iarraidh suimeanna móra airgead le híoc as na lame ducks go raibh baint ag an Údarás leo. Dúirt an Teachta é sin go poiblí. Anois mí ina dhiaidh sin tagann sí isteach anseo ag sileadh crocodile tears ar son an Údaráis. Níl tada á chur i leith an Údaráis. Níl éinne cúisithe. Aon rud a deir an Teachta agus cibé méid uair a deir sí é níl sé fíor go bhfuil éinne a chúisiú taobh istigh nó taobh amuigh den Údarás. Bhí an Teachta in ann teacht ar chlár RTE inné——

Mrs. Geoghegan-Quinn: Cén fáth go raibh fiosruchán ann mar sin?

Mr. O'Toole: ——agus mar fhreagra [194] ar an gceist “what finally about the allegation that for industrialists Údarás na Gaeltachta was regarded as a soft touch”, Deputy Máire Geoghegan-Quinn replied: “I would not accept that at all. I think they have carried on their business as indeed their counterparts in the midwest region would have and indeed as the IDA would have as well, and I think that what is brewing here is a vendetta based on political....”.

Bhí sí in ann rud amháin a rá maidir leis an IDA agus i gceann trí seachtainí bhí sí in ann a rá go raibh an IDA agus an tÚdarás——

(Cur isteach.)

The Dáil adjourned at 9 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 27 January 1982.