![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 42 - 28 June, 1932 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Gúm. Cormac Breathnach Cormac Breathnach D'fhiafrai Cormac Breathnach den Aire Oideachais cathain a bunuigheadh an Gúm; cadé an méid airgid a caitheadh leis bliain iar bhliain (a) are íocaíocht le scríbhneoirí agus (b) ar riaradh; an iomdha leabhar a clóbhuaileadh bliain iar bhliain fé sna rannaibh seo, eadhon, uir-leabhair, ath-chló, agus aistriúchán; cadé an méid cóip díobh so a díoladh bliain iar bhliain; agus cadé an teacht isteach a bhí as an díolaíocht san. Aire Oideachais (Tomás O Deirg) Aire Oideachais (Tomás O Deirg) 1709 [1709] Aire Oideachais (Tomás O Deirg): Cuireadh “An Gúm” nó an Scéim Foillsiúcháin atá ar siubhal faoi Roinn an Oideachais, cuireadh sin ar bun go hoifigeamhail fá ughdarás na Roinne Airgid ar an 6adh lá de Mhárta, 1925. Cuirfidh me na figúiri chun an Teachta. Ag seo na suimeannaí a caitheadh ó bhliadhain go bliadhain ar Ioc na Scríbhneóir agus ar Chúrsaí Riaracháin na Scéime, fá seach, anuas go dtí deireach na bliadhna airgeadais dár chríoch an 31adh de Mhárta, 1932:—
Ag seo an méid leabhar a foillsigheadh gach aon bhliadhain aca sin idir Leabhra Bunaidh, Aistriúcháin, agus Leabhra ar cuireadh Ath-chló ortha:—
* Maidir leis an méid Leabhar ar cuireadh Ath-chló ortha, tá dhá leabhar, atá páirteach ina n-Ath-chló, curtha san aireamh mar Leabhra Bunaidh. 1710 Ag seo na figiúiri ag taisbeáint an méid leabhar a dioladh i rith na mbliadhan atá i gceist: agus fós ag [1710] taisbeáint cad é an Teacht-isteach a fritheadh ó dhíol na leabhar a h-áirmheadh i gcunntas airgeadais na mbliadhan sin fá seach.
Dáil Éireann 42 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. An Gúm. Questions 19320628
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||