![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 40 - 04 November, 1931 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Irish Dictation Test. Pádraig O hOgáin (An Clár) Pádraig O hOgáin (An Clár) Pádraig O hOgáin (An Clár) asked the Minister for Finance whether the Civil Service Commissioners will consider the advisability of making a dictation test of a standard suitable to the particular grade an essential part of the examination in Irish of candidates for Civil Service examinations, both at entrance and in the subsequent test of qualification for continuance in the service. Earnan de Blaghd Earnan de Blaghd Earnan de Blaghd: Go dtí le déanaí do bhíodh deachtú imBéarla mar abhar sna scrúduithe comórtais a chuireadh Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse ar siúl. Ba dheacair, ámh, an toradh céanna d'fháil i ngach áit toisc gurbh fhusa na léightheoirí do chloisint i halla seachas a chéile agus nách mar a chéile do labhraidís i ngach ionad 'na mbíodh iarrthóirí fé scrúdú; níorbh fhearrde an toradh an scéal do bheith ar an gcuma so agus dob éigin, tar éis tamaill, eirghe as an deachtú. Ní dóich leis na Coimisinéi í gur lugha iad na deacrachtaí den tsaghas chéanna bheadh ag gabháil le deachtú i nGaedhilg. Sé fáth go gcuirtear iarrthóirí fé scrúdú tar éis dóibh teacht isteach sa tSeirbhís ná chun a fháil amach cadé an t-eolas atá acu ar labhairt na Gaedhilge, agus ní dóich leis na Coimisinéirí go mbeadh deachtú oiriúnach ná úsáideach chuige sin. Dáil Éireann 40 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Irish Dictation Test. Questions 19311104
| ||||||||||||||||||||||