![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 39 - 18 June, 1931 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceadúnas Lámhachuithe. Proinnsias O Fathaigh Proinnsias O Fathaigh D'fhiafruigh Proinnsias O Fathaigh den Aire Tailte agus Iascaigh an fíor gur tugadh d'iarrathóir áithrid, ar dheich bpuint sa bhliain, ceadúnas lámhachuithe ar estát Pollock, beagnách ó Dhroichead Beannchor go Beul Atha na Sluagh, gidh gur tairgeadh aon phunt deug ag iarrathóir eile, agus an bhféachfaidh an tAire chuige go bhfuighthear an cíos is aoirde ar an gceadúnas sin feasta tré cheantáil phoiblidhe. Máirtín O Rodaigh Máirtín O Rodaigh Máirtín O Rodaigh: Do dheallródh sé go bhfuil dearmad ar an dTeachta. Do cuireadh an Ceart Lámhaigh ar na tailte ar Estát Pollock ar cíos £15 in aghaidh an tséasúir dar chríoch 1adh Márta, 1931. B'é sin an tairisgint dob' aoirde fuarthas. Dáil Éireann 39 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Ceadúnas Lámhachuithe. Questions 19310618
| ||||||||||||||||||||||