![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 39 - 18 June, 1931 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cíos Tithe. Proinnsias O Fathaigh (thar cheann Dhomhnaill Uí Bhuachalla) Proinnsias O Fathaigh (thar cheann Dhomhnaill Uí Bhuachalla) D'fhiafruigh Proinnsias O Fathaigh (thar cheann Dhomhnaill Uí Bhuachalla) den Aire Airgid an ndéarfadh sé (1) An bhfuil an tigh dá ngairmtear “Ranger's Lodge,” Longphort an Churraigh, tugtha fé chíos do dhuine uasal darab ainm Cecil Brabazon. (2) Cad é méid an chíosa. (3) An raibh roimh-iarrataisí istigh ó thriúr eile. (4) Cad é méid an chíosa thairgeadar soin. (5) An bhfuil sé ar aigne ag an Aire cheithre acra de thalamh an Churraigh do thabhairt do Brabazon i dteannta an tighe. Earnán de Blaghd Earnán de Blaghd Earnán de Blaghd: Seo iad freagraí ar na poinntí fá seach i gceist an Teachta:— (1) Tá. Do tugadh an “Lodge” fé chíos do Cecil Brabazon go ceann deich mbliana dar thosach an 4adh Márta, 1926. (2) £50 sa bhliain. (3) Bhí cúig ceisteanna i scríbhinn agus roinnt eile ó bhéal acht níor tháinig aon cheann aca chun cinn. (4) Ní raibh ach aon tairiscint cinnte amháin, .i., £80 sa bhliain, ach do tarraiceadh siar é sin. (5) Tá—fé léas nua maidir leis an dtigh agus fé chíos méadaithe. Dáil Éireann 39 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Cíos Tithe. Questions 19310618
| ||||||||||||||||||||||