![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 38 - 27 May, 1931 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tráiléirí Allmhurdhacha. Micheál O Cléirigh Micheál O Cléirigh D'fhiafruigh Micheál O Cléirigh den Aire Tailte agus Iascaigh (a) cé mhéid cuntas a cuireadh isteach chuig a Roinnse le bliain anuas faoi Thráiléirí allmhurdhacha a bheith ag iascaigh ar Fhairrgi an tSaorstáit; (b) cé mhéid díobh sin a beireadh orrtha; (c) cé mhéid díobh a cuireadh an dlighe orrtha; (d) cé mhéid díobh a cuireadh fíneál orrtha; (e) cé mhéid airgid a bhí i ngach fíneál, agus (f) cé mhéid de na fíneála seo a híocadh. Fionán O Loingsigh Fionán O Loingsigh Fionán O Loingsigh: Seo é an freagra ar an gCeist: (a) Naoi gCinn déag; (b) Ceann amháin; (c) Ceann amháin; (d) Ceann amháin; (e) £100 agus an gléas do thógaint; (f) An ceann amháin. Dáil Éireann 38 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Tráiléirí Allmhurdhacha. Questions 19310527
| ||||||||||||||||||||||