Dáil Éireann - Volume 38 - 29 April, 1931

Written Answer. - Tionóntaidhthe i gContae na Gaillimhe.

D'fhiafruigh Proinnsias O Fathaigh den Aire Tailte agus Iascaigh an mian le Coimisiún na Talmhan breis talmhan a thabhairt do na tionóntaidhthe i gCluain Fearta, Dún an Ochta, Co. na Gaillimhe, go bhfuil cuid mhaith d'á ngabáltais loitthe ag an Sionainn, go mór mór na feilméirí nach bhfuil acht gabáltais chumhanga acu.

Máirtin O Rodaigh: Tuigtear sceul an Teachta agus táthar ag féachaint isteach ann.