Dáil Éireann - Volume 38 - 24 April, 1931

Ceist—Question. Written Answer. - Iasacht Dháil Eireann.

D'fhiafruigh Proinnsias O Fathaigh den Aire Airgid cén fáth nár híocadh leis na daoine seo leanas na sintiúisi a thugadar ar iasacht do Dháil Eireann (1920), agus cathoin an bhfaighidh siad an t-airgead:—John Barrett, Raheen, Baile Locha Riach; Ml. Cormican, Ballinagarry, Baile Locha Riach; Thomas Daly, Lurgan, Baile Locha Riach; agus Ml. Niland, Cloonoo, Baile Locha Riach.

An tAire Airgid (Earnán de Blaghd): Aoinne a thug sintiús agus a iarrann aisíoc ar mo Roinn-se laistigh den tréimshe órduithe déanfar an t-iarratas a bhreithniú chomh luath agus is féidir e.

Mar is eol do'n Teachta ní mór do gach duine a thug síntiús iarratas scríte a chur chun mo Roinn-se ar dháta ná beidh níos déanaí ná an 30adh lá dhen mhí seo.