Dáil Éireann - Volume 38 - 22 April, 1931

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Baintreacha agus Dileachtuidhthe.

D'fhiafruigh Proinnsias O Fathaigh den Aire Airgid an bhfuil colus cruinn fachta nó dá fháil ag an Rialtas fá cén chaoi ab fhearr fóirithin ar bhaintreacha agus ar dhíleachtuidhthe an tSaorstáit tré scéim árachais nó aon scéim eile.

[3] Earnán de Blaghd: D'iarrfainn ar an Teachta féachaint ar na freagraí a tugadh ar cheisteanna de'n tsaghas chéadhua faoi'n sgéal seo. An fiosruchan atá dhá dhéanamh sa sgéal ní'l sé críochnuighthe fós.