Dáil Éireann - Volume 36 - 20 November, 1930

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - Díol Bainne.

D'fhiafraí Proinnsias O Fathaigh den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí cathoin a tabharfar bille isteach le féidhm agus éifeacht a thabhairt do [185] na moltaí atá i dTuarasgabhail an Choiste Idir-Roinneach (1928) chun féachaint chuige nach ndíolfaí leis an bpobal aon bhainne nach mbeadh glan agus sláintiúil.

Risteard Ua Maolchatha: Tá socair Bille d'ullamhú'na thaobh so ach nílim in ann a rá fós cé'n dáta a tabharfar ós cóir na Dála é.

Proinnsias O Fathaigh: An bhfeadfadh an tAire a rá go dtabharfar an Bille seo isteach i gcionn leath-bhliana?

Risteard Ua Maolchatha: D'féadfainn a rá nách féidir é thabhairt isteach roimh an gCaisc seo chughainn agus an méid oibre atá le déanamh ag an nDreachtóir Pairlimínte i gcóir mo Roinne fein. Ach ní fhéadfainn a thuille a rá fá láthair.