![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 36 - 19 November, 1930 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scriomhneóiri Conganta. Proinnsias O Fathaigh Proinnsias O Fathaigh Proinnsias Aiken Proinnsias Aiken D'fhiafhruigh Proinnsias Aiken ar shon Proinnsias O Fathaigh den Aire Airgid an neosadh sé don Dáil an mo Scríobhnóir Conganta a fuair céim ar aghaidh mar Oifigigh Chléireachais (a) sa Stáit-Sheirbhís go coitcheann, (b) sa Roinn Tionnscail agus Tráchtála, ón am a dubhairt an t-Aire sa Dáil nach mbeadh aon bhac ar Scríobhnóirí Chonganta oireamhnacha an chéim ar aghaidh sin d'fhagháil. Earnán de Blaghd Earnán de Blaghd Earnán de Blaghd: Do cuireadh i bhfeidhm an scéim dár dheineas tagairt san bhfreagra a thugas do'n Teachta Antoine ar an 4adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, chun céim ar aghaidh mar Oifigigh Cléireachais do thabhairt dos na Scribhneóirí Conganta do b'oireamhnaighe chuige. De bharr an scéim sin, do cuireadh 13 Scríbhneóirí Conganta sa tSeirbhís go coitcheann ar thriail sé mhí mar Oifigigh Cléireachais chun go bhfeiclí an rabhadar oireamhnach i ngach slighe chun céim ar aghaidh d'fhagháil. Ní raibh aon Scríbhneóir Conganta ó'n Roinn Tionnscail agus Tráchtála ar na h-oifigigh a toghadh chun a dtriala. Dáil Éireann 36 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Scriomhneóiri Conganta. Questions 19301119
| ||||||||||||||||||||||