![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 34 - 07 May, 1930 Written Answers. - Bannaí d'aisíocadh. Domhnall Ua Buachalla Domhnall Ua Buachalla D'fhiafraí Domhnall Ua Buachalla den Aire Airgid an ndéarfadh sé cad é cúis nár haisíocadh bannaí —Uimhir admhála 64827—Dhomhnaill Mhic Ghiolla Choiscligh (Cuskelly), Droichead Bhaille Sheáin, Condae Chill Dara. Earnan de Blaghd Earnan de Blaghd Earnan de Blaghd: De réir na gcomhacht do tugadh dom faoi Alt (4) (1) d'Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Eireann, 1924, do shocruigheas an 30adh Aibreán, 1929, mar an lá deiridh ar a bhféadfaí síntiuisí d'Iasacht Intíre Dháil Eireann d'ath éileamh. Os rud é nár chuir Domhnall Mac Giolla Choiscligh iarratas isteach roimh an lá sin is oth liom nach bhfuil ar mo chumas cead do thabhairt chun an t-airgead adeir sé a dhiol se a aisíoc leis. Dáil Éireann 34 Written Answers. Bannaí d'aisíocadh. Questions 19300507
| ||||||||||||||||||||||