Dáil Éireann - Volume 33 - 19 March, 1930

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Portaigh do Roinnt.

D'fhiafrai Domhnall Ua Buachalla den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfadh sé, ós rud é go bhfuil tráth bainte na móna ann fé láthair, an bhfuil na portaigh ag Garraí Tancard, Baile an Bhairéadaigh agus Cluain Guaire, i gContae Chill Dara, i seilbh na gCoimisinéirí fós, agus, má tá, an roinnfear iad gan mhoill.

Mairtin O Rodaigh: Níl Coimisiún na Talmhan tar éis na portaigh dá dtagartar do cheannach agus uime sin ní féidir a rá cathaoin a roinnfear iad. Tá imeachta ar siúl chun iad do cheannach.