Dáil Éireann - Volume 32 - 07 November, 1929

Written Answers. - Bannaí d'Ath Dhíoladh.

D'fhiafruigh Domhnall Ua Buachalla den Aire Airgid an ndéarfadh sé cad chuige ná hath-dhíoltar bannaí Sheáin Uí Aonguis (Ennis), Cluain Curraigh, an Bóthar Buidhe, agus Sheáin Uí Lochlainn (Loughlin), Baile Mhic Adhaim (Cadamstown), Mágh Bhealaigh.

Earnán de Blaghd: Tabharfar cead go luath don Roinn Puist agus Telegráfa Cártai Coigiltis do thabhairt do Sheán Ó hAonguis, Cluain Curraigh, an Bothar Buidhe, agus do Sheán Ó Lochlainn, Baile Mhic Adhaim, Mágh Bhealaigh, i leith an airgid a thugadar araon d'Iasacht Dháil Éireann.