![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 31 - 10 July, 1929 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúduighthe i nGaedhilg. Proinnsias O Fathaigh (thar cheann Sheáin T. Uí Cheallaigh) Proinnsias O Fathaigh (thar cheann Sheáin T. Uí Cheallaigh) D'fhiafruigh Proinnsias O Fathaigh (thar cheann Sheáin T. Uí Cheallaigh) den Uachtarán ar fritheadh ag an Riaghaltas le gairid gearán ó Choiste Gnótha Chonnartha na Gaedhilge maidir le Serúduighthe i nGaedhilg—agus go mór-mhór i labhairt na Gaedhilge—le haghaidh postaí puiblidhe sa Saorstát; an dtiubhraidh an tUachtarán faisnéis don Dáil céard is éileamh Chonnartha na Gaedhilge agus cé'n toradh bhéas le fághail aca ins na cúrsaí seo ón Riaghaltas. An t-Aire Tailte agus Iascaigh (Fionán O Loingsigh) thar cheann an Uachtaráin An t-Aire Tailte agus Iascaigh (Fionán O Loingsigh) thar cheann an Uachtaráin An t-Aire Tailte agus Iascaigh (Fionán O Loingsigh) thar cheann an Uachtaráin: Fuarthas rún le déanaighe ó Choiste Gnótha Chonnradh na Gaedhilge, ar cheist scrúduithe Gaedhilge le haghaidh postaí puiblidhe, go mór mór scrúduithe i labhairt na Gaedhilge. Eiligheann an Coisde Gnótha ar an Rialtas scrúdú i labhairt na Gaedhilge a bheith ann uair sa bhliain agus gach seirbhi-seach puiblí fé-bhun dachad bliadhain ná fuil i n-ann feidhm cheart a bhaint as an nGaedhilg, a bheith air an scrúdú san a sheasamh. Eiligheann an Coisde Gnótha leis, an scrúdú a bheith níos deacra i naghaidb na bliana, agus cúig bliana do thabhairt do gach seirbíseach le é féin (nó i féin) a ollmhughadh chun feidhm cheart a bhaint as an nGaedhilg. 602 Ní follus ón rún an mbaineann sé le héinne seachas Stát-Sheibhísigh. Maidir leis an Stát-Sheirbhis, tá ar gach éinne a thagann isteach tré scrúdú oscailte dul fé scrúdú cainnte [602] agus, 'na theannta san, tá ortha i geaitheamh an tréimhse trialltha dul té serúdú eile i labhairt na Gaedhilge. Ní glaetar isteach iad muna n-éiríonn leo sa scrúdú san. Sé mo thuairim nach féidir fé láthair níos mó do dhéanamh sa tslí seo ná mar atá ghá dhéanamh. Dáil Éireann 31 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Scrúduighthe i nGaedhilg. Questions 19290710
| ||||||||||||||||||||||