![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 31 - 04 July, 1929 Written Answers. - Banna cun iocadh. Domhnall Ua Buachalla Domhnall Ua Buachalla D'fhiafruigh Domhnall Ua Buachalla den Aire Airgid an ndéarfadh sé cad chuige nár haisíocadh banna Uilliam Uí Riain, Droichead Bhaile Sheáin, Contae Chill Dara, cé gur cuireadh isteach ar an 20adh Abreán ghabh tharrainn deimhniú gur cheannuigh sé banna ar an 17adh Bealtaine, 1920, agus cé gur tugadh 'na theannta san an uimhir admhála —37424. Earnan de Blaghd Earnan de Blaghd Earnan de Blaghd: Do tugadh údarás do Chunntasóir Roinne Puist agus Telegráfa, ar an ochtmhadh lá fiched den mhí seo caithte, Cárta Coigiltis do thabhairt do Liam Ó Riain, Droichead Bhaile Sheáin, Conntae Chill Dara, agus fágfaidh sin ar a chumas aisíoc d'fháil ar an síntiús (£1) púnt do thug sé d'Iasacht Dháll Eireann. Dáil Éireann 31 Written Answers. Banna cun iocadh. Questions 19290704
| ||||||||||||||||||||||