Dáil Éireann - Volume 30 - 20 June, 1929

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bannaí Dhail Eireann.

D'fhiafruigh Domhnall Ua Buachalla den Aire Airgid an ndéarfadh sé cad chuige nár aisíosadh bannaí Phádraig Mhic Gabhann, Cill Iochtair, Cill Choca, cé gur cuireadh isteach breis is mí ó shoin deimhniú gur dhíol sé an t-airgead agus go bhfuair sé admháil air.

Earnán de Blaghd: An t-eolas do fuarathas ó Phádraig Mac Gabhann i n-éinfheacht leis an iarratas do chuir sé isteach ar aisíoc airgid adeir sé a thug sé d'Iasacht Dháil Eireann, ní réidhtigheann an t-eolas sin leis an eolas atá ar pháipéirí mo Roinnese. Táim ag fiosrú an sgéil faoi láthair.