![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 30 - 22 May, 1929 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Sloinnte do Ghaedhlú. Proinnsias O Fathaigh Proinnsias O Fathaigh D'fhiafruigh Proinnsias O Fathaigh den Uachtarán cé an dul ar aghaidh atá deunta leis an adhbhar Bille úd i dtaobh na sloinnte do Ghaedhlú. An tAire Airgid (Earnan de Blaghd) An tAire Airgid (Earnan de Blaghd) An tAire Airgid (Earnan de Blaghd): Níl an Rialtas ar intinn a leithéid sin de Bhille do thabhairt os comhair na Dála. Rinneadh scrúdú ar adhbhar Bille do cuireadh chugham tamall ó shoin agus do comhairligheadh dam nár ghádh Acht chun comhacht do thabhairt do dhuine a ainm Gaedhealach do chur i n-úsáid. Dá rithfí an Bhille, do bheadh coingheallacha áirithe le coimhlíonadh agus i n-ionad cabhrú leis na h-ainmneachaibh Gaedhealacha is amhlaidh, dar liomsa, go gcoisefeadh san a n-úsaid. Dáil Éireann 30 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Sloinnte do Ghaedhlú. Questions 19290522
| ||||||||||||||||||||||