![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 27 - 28 November, 1928 CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - BOTHAR DO DHEUNAMH (CONTAE CHILL DARA). DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA den Aire Tailte agus Iascaigh an féidir leis a rádh cathoin a tosnófar ar bhóthar na móna i gCoill Dubh, Baile Riobáird, Contae Chill Dara, do dhéanamh; an bhfuil fhios aige go bhfuil a lán daoine ann gurab é díol na móna a slighe maireachtana; an bhfuil fhios aige nách féidir leo an mhóin do shábháil gan bóthar; agus an ndéanfar rud ortha gan mhoill. MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH: Tá socair ag Coimisiún na Talmhan bóthar do dhéanamh isteach go dtí sna portacha móna i gCoill Dubh agus táthar ag gábhail don obair cheana féin. Dáil Éireann 27 CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. BOTHAR DO DHEUNAMH (CONTAE CHILL DARA). Questions 19281128
| ||||||||||||||||||||||