Dáil Éireann - Volume 27 - 14 November, 1928

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAT DO ROINNT.

D'fhiafruigh PROINNSIAS O FATHAIGH den Aire Tailte agus Iascaigh cathain a roinnfar estát Thompson Seymour, Derryeahiney North, i gceanntar Portomna; agus estát Corr (Blakefoster) i gceanntar Portomna, i limistéir Kilmalinogue; agus an bhfuil liosta na ndaoine a gheobhaidh gabhaltais talmhan ar na hestáit sin ar fághail.

MAIRTIN O RODAIGH: De bunuíodh imeachta fé fhorálacha an Achta Talmhan, 1923, le haghaidh tailte Derryhivany North ar eastát Mrs. A. M. Seymour, Contae na Caillimhe, d'fháil agus le haghaidh tailte Corr ar eastát Ionadaithe Blake Foster d'fháil.

Do socruíodh praghas na dtailte seo agus roinnfidh Coimisiún na Talmhan iad chó tapaidh agus is feidir é. Níor socruíodh an scéim i gcóir a roinnte fós.