![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 27 - 14 November, 1928 CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - TALAMH DO ROINNT (CLUAIN FEARTA). DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA den Aire Tailte agus Iascaigh cad déanfar leis an dtalamh i gCluain Fearta, Cill Coca, atá fé láthair ar féaracht ag Liam O hAithchir, Ceapach; an bhfuair Liam O hAithchir feirm eile mar mhalairt ar an gceann so; agus an roinnfar an talamh i gCluain Fearta idir na daoine sa chomhsarsanacht a bhfuil gabháltaisí uatha. MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH: Ní féidir na tailte i gCluain Fearta d'aithint mar thailte go bhfuiltear ad' iarraidh iad do mhalairtiú. B'fhéidir gur b'iad tailte Láthraigh atá teoranta leo ar Estát Major Aylmer, tailte ina bhfuil 51a. 0r. 27p. agus ar a bhfuil Liam O hAithchir ina thionónta atá i gceist ag an Teachta. Táthar ag deighléail leis an Estát so fé fhorálacha an Achta Talmhan, 1923, agus tá Liam O hAithchir tar éis a thairisgint leas a thionóntachta i dtailte Láthraigh do thabhairt suas má tugtar gabháltas nua dho. Tá an t-iarratas so á bhreithniú ag Coimisiún na Talmhan fé láthair. DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA 23 D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfa sé cad chuige ná tabharfar do Mícheál de Buitléir, Sruth na Cille (Kilbrook). Bóthar Buidhe, cuid den talamh (40 acra) atá suidhte idir gabháltaisibh an Bhreathnaigh agus Prendergast ar eastát Chluan Chorraigh; an eol do go dubhrthas le Mícheál de Buitléir nach bhfuil talamh ar fagháil is giorra ná dhá mhíle dá thigh; agus an bhfuil fhios ag an Aire [23] nach bhfuil an talamh so atá luaidhthe —an 40 acra—ach mile amháin ó n-a thigh. MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH: Níltear ar aigne na tailte dá dtagartar do thabhairt do Mhícheál de Buitléir. Táthar á gcimeád ar leithligh do dhuine o cheanntar chumhang agus táid curtha ar féaracht idir an dá linn chun duine dar tugadh gabháltas sa chomharsanacht. Dáil Éireann 27 CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. TALAMH DO ROINNT (CLUAIN FEARTA). Questions 19281114
| ||||||||||||||||||||||