![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 22 - 08 March, 1928 CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - TALAMH DO ROINNT (CO. CHILL DARA). DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA D'fhiafruighDOMHNALL UA BUACHALLA den Aire Iascaigh an bhfuil aon ní á dhéanamh aige chun talamh eastáit Chluain Chorraigh i mBaile Nuadh i gCo. Chill Dara do roinnt ar na daoine a bhfuil sé ag teastáil uatha; an fíor gur eirigh fear darab ainm Prendergast as an fheirm —cúpla céad acra—afuair sé le déanaí; agus an dtabharfar an méid sin féin do sna daoine seo. MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH: Tá breithniú agus socrú á dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan fé láthair i dtaobh conus a deighleálfar leis na tailte atá gan roinnt ar Estat Chluain Chorraigh. Ní fíor é gur eirigh fear darb ainm Prendergast as an bhfeirm a tugadh do le déanaí. DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA: An bhfuil fhios ag an Rúnaí, um an am go mbeidh an cheist seo na hiasachtaí réitithe ag an Aire, go mbeidh se ródhéanach do sna feirmeoirí aon rud fónta do dhéanamh chun a gcuid talmhan do chur i gcóir—chun síol do chur agus a leithéid. MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH MAIRTIN O RODAIGH: Dubhras leis an Teachta gur shocruigheam ar cheana i dtaobh na bhfeirmeoirí a bhí oiriúnach. DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA DOMHNALL UA BUACHALLA: Sin é is dó leis an Rúnaí. Dáil Éireann 22 CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. TALAMH DO ROINNT (CO. CHILL DARA). Questions 19280308
| ||||||||||||||||||||||