Dáil Éireann - Volume 5 - 19 September, 1923

FÓGRA Ó THEACHTA.

AN CLÉIREACH: Táim tar éis an fógra so leanas d'fháil ó Mhícheál ÓhAodha, a toghadh i gcóir Dáilcheanntair Phríomh-Scoile Náisiúnta na [9]hEireann agus fós i gcóir Dáilcheanntair Bhaile Atha Cliath Theas.

(I have received the following notice from Deputy Mícheál O hAodha, who has been returned for the Constituency of the National University of Ireland [10]and also for the Constituency of Dub lin South):—

“Tigh Laighean,

Baile Atha Cliath,

19adh Meadhon Fhoghmhair, 1923.

A Chara,

Do réir forálacha Alt 55 den Acht Timpeal Toghachán, 1923, faisnéisim leis seo gur rogha liom Dáilcheanntar Príomh-Scoile Náisiúnta na hEireann d'ionadú sa Dáil.

Mise,

(Signithe) MICHEÁL O hAODHA,

Teachta a toghadh i gcóir Dáilcheanntair Phríomh-Scoile Náisiúnta na hEireann agus i gcóir Dáilcheanntair Bhaile Atha Cliath Theas.

Déanfhaidh an Dáil anois Ceann Comhairle do thogha.